Is éard is stampa poist ann ná blúire beag páipéir a cheannaítear agus a chuirtear ar chárta, litir nó pacáiste mar dhearbhú gur íocadh as an bpostas air. Go hiondúil, déantar stampaí as páipéar speisialta a mbíonn ainm na tíre agus luach éigin ar thaobh amháin agus guma greamaitheach ar an taobh eile. Ceannaítear iad ó sheirbhísí poist nó óna ngníomhairí, agus úsáidtear iad le híoc as costais iompar an phoist nó seirbhísí eile mar árachas agus clárú. Sir Rowland Hill a cheap an córas poist ina mbaintear úsáid as stampaí.

An Penny Black, an chéad stampa poist. Eisíodh sa Ríocht Aontaithe é sa bhliain 1840, agus mar sin is é an chéad stampa poist dár úsáideadh in Éirinn.
Stampa poist:
1. Íomhá
2. Pollta
3. Ainmluach
4. Tír