Mamach, cosúil le heilifint, atá imithe i léig, is ea an steigeadón. Faightear a iontaisí i sraitheanna ó réanna geolaíocha éagsúla ó 5.3 mhilliún go 12 míle bliain ó shin agus i roinnt mhaith den Áise agus den Afraic, ón gCongó go dtí an tSeapáin. (Féach PaleoBiology Database thíos.) Na starrfhiacla uachtaracha an-fhada, an-ghar dá céile, gan ach rianta sna starrfhiacla íochtaracha. Gan ach dhá fhiacail grua ann ag am ar bith. Bhí a lán speiceas ann, cuid díobh an-mhór ach an speiceas abhaic ar an oileán Flores san Indinéis ina measc freisin.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSteigeadón
Stegodon Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdProboscidea
FineStegodontidae
GéineasStegodon Cuir in eagar ar Wikidata
Falconer agus Cautley, 1847


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Steigeadón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 626.