Is é an strointiam dúil cheimiceach uimhir a 38, agus ós rud é go bhfuil dhá fhiúsleictreon aige taobh amuigh den ochtréad, is ceann de na miotail chré-alcaileacha é. Sr an tsiombail cheimiceach a sheasann dó. Miotal bog é a bhfuil loinnir gheal nó bhuí ann agus é an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile. Fuair an strointiam a ainm ó Shròn an t-Sithein, sráidbhaile in Albain in aice leis an áit inar thángthas ar an strointiam an chéad uair riamh. Ba é an ceimiceoir Adair Crawford ba thúisce a d'aithin go raibh mian ar leith i gceist, thiar sa bhliain 1790, ach ba é Sior Humphry Davy a d'aithin is a d'aonraigh an miotal féin. Chomh himoibríoch is atá an strointiam, níl sé ar fáil sa dúlra mar ghlanmhiotal: mianraí tábhachtacha strointiam iad an strointiainít agus an cheilistít. Carbónáit strointiam atá sa strointiainít, agus sulfáit atá sa cheilistít.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachStrointiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Strointiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachSr
Uimhir adamhach38
Mais adamhach87.62
Cumraíocht leictreon[Kr] 5s²
Peiriad, Grúpapeiread 5
miotal cré-ailcealach
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1
Ga ianach1.18, 1.26, 1.36 agus 1.44
Stair
AimsitheoirWilliam Cruickshank
Fionnachtain1787
EapainmSròn an t-Sìthein

Is í an staid ocsaídiúcháin is dual dó ná +2, ós miotal cré-alcaileach é.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an strointiam, mar atá, strointiam a 84 (0.56 % de strointiam an dúlra), strointiam a 86 (9.86 %), strointiam a 87 (7.0 %) agus strointiam a 88 (82.58 %). Iseatóip chobhsaí iad seo go léir. Is é strointiam 90 an raidiseatóp is tábhachtaí agus, b'fhéidir, is míchlúití, nó is eamhnán coitianta é a tháirgtear sna himoibreoirí núicléacha. Mar sin bíonn cuid mhaith den iseatóp seo le fáil sa dramhaíl núicléach. Chomh cosúil agus atá sé leis an gcailciam ó thaobh na ceimice de, agus an t-ian, fiú, ar aon mhéid le hian an chailciam, is dual dó carnadh sna cnámha agus dochar tromchúiseach a dhéanamh ansin. I dtús na seascaidí, d'aithin an Dochtúir Louise Reiss sna Stáit Aontaithe go raibh strointiam 90 caoga oiread níos coitianta i bhfiacla na leanaí a rugadh i ndiaidh na dtrialacha núicléacha mórscála ná rompu, agus ba spreagadh é seo chun cosc a chur ar na trialacha núicléacha san atmaisféar.

Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air gur féidir leas a bhaint as strointiam 90 freisin: úsáidtear i ngineadóirí núicléacha é, a chlaochlaíonn fuinneamh na radaíochta go leictreachas.

Maidir leis na hiseatóip chobhsaí, áfach, glactar leis nach bhfuil mórán dochair iontu do shláinte an duine, agus is féidir go bhfuil iarsmaí beaga strointiam úsáideach don cholainn dhaonna.

Tagairtí cuir in eagar