Feiste leathsheoltóra is ea an tíreastóir a fheidhmíonn mar lasc leictreach. Tugtar coigeartóir sileacanrialaithe air freisin. Ceapaire pnpn d'ábhar leathsheoltach atá ann. Tosaítear rith srutha le comhartha, agus éiríonn an sruth neamhspleách ar an gcomhartha. Ní stopann an sruth ach amháin nuair a chúl-laobhtar an tíreastóir. Is tíreastóir ar leith an triac, ina leanann an sruth trasna tar éis a thosaithe go dtiteann an voltas trasna go dtí nialas. De réir a chéile tá tíreastóirí á gcur in ionad feadán leictreonach lán le gás don fheidhm seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tíreastóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 665.