T-chill

cineál limficíte

Is cineál limficíte í T-chill. Tá T-chealla ar cheann de na cealla fola bána tábhachtacha den chóras imdhíonachta agus tá ról lárnach acu sa fhreagra imdhíonachta oiriúnaitheach. Is féidir T-chealla a idirdhealú ó limficítí eile trí ghabhdóir T-chealla (GTC) a bheith i láthair ar dhromchla a gcuid ceall.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtT-chill
Cuid decóras imdhíonach
Aitheantóirí
MeSHD013601
THH2.00.04.1.02007
FMA62870 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/T-cell
Téarmaíocht anatamaíoch

Beirtear T-chealla ó ghaschealla fuilghinte,[1] le fáil sa smior. Téann T-chealla atá i mbéal forbartha ar imirce ansin go dtí an fhaireog tímis chun tuilleadh forbartha a dhéanamh (teacht in aibíocht). Faigheann T-chealla a n-ainm ón tímeas.[2] Tar éis aistriú go dtí an tímeas, aibíonn na cealla réamhtheachtaithe agus déantar cineálacha éagsúla T-chealla díobh. Leanann difreáil na T-gceall freisin tar éis dóibh an tímeas a fhágáil. Tá feidhmeanna tábhachtacha éagsúla ag grúpaí d’fhochineálacha T-chealla sainiúla difreáilte chun an fhreagairt imdhíonachta a rialú agus a mhúnlú.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 5. Hematopoietic Stem Cells”. Stem Cell Information. National Institutes of Health, U.S. Department of Health and Human Services (17 Meitheamh 2001). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Deireadh Fómhair 2016. Dáta rochtana: 21 Nollaig 2021.
  2. Alberts B, Johnson A, Lewis J, Raff M, Roberts k, Walter P (2002). Molecular Biology of the Cell. New York: Garland Science. p. 1367. "T cells ... derive their [name] from the organs in which they develop. T cells develop [mature] in the thymus"