Sraith cainníochtaí uimhriúla a mbíonn luach tairiseach ag gach ceann acu, is cuma cén breathnadóir atá i gceist. Cinneann na tairisigh seo an-chuid cainníochtaí eile i réimsí go léir na heolaíochta. Glactar mar thairisigh bhunúsacha tairiseach Planck, luas forleata an tsolais, an tairseach imtharraingthe, tairiseach uilíoch na ngás, uimhir Avogadro, lucht an leictreoin, ceadaíocht folúis, tréscaoilteacht folúis, agus maiseanna áirithe cáithníní.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tairisigh bhunúsacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 639.