Is ionann taisteal forsholasach agus taisteal a sháraíonn luas an tsolais - go bunúsach, luas an tsolais san fholús, nó cuireann meáin éagsúla - solaid, gáis agus leachtanna - moill ar luas an tsolais féin. Is téama coitianta é an taisteal forsholasach san fhicsean eolaíochta, ach ní cheadaíonn teoiric speisialta na coibhneasachta d'aon chorpán luas an tsolais a shroicheadh ná a shárú (bheadh fuinneamh gan teorainn de dhíth leis an luas sin a shroicheadh). Ceadaíonn an choibhneasacht speisialta cáithníní a bhíonn ag gluaiseacht níos luaithe ná an solas an t-am ar fad agus nach féidir leo moilliú síos go luas an tsolais. Taiceoin a thugtar ar a leithéid de cháithníní, cé nach bhfuil iontu i láthair na huaire ach tuairimíocht agus hipitéisí - níor cuireadh sonrú in aon chineál taiceoin riamh.

Ceadaíonn an teoiric choibhneasachta féin an rud ar a dtugtar taisteal forsholasach dealraitheach. Is ionann sin agus taisteal trí réigiún spáis a bhfuil a chéimseata curtha as a riocht, ionas go gcuireann sé ar do chumas áiteanna i gcéin a shroicheadh níos luaithe ná an t-am a thógfadh sé ar an solas teacht a fhad leo sa ghnáthspás, cé nach sárófá luas an tsolais taobh istigh den réigiún díchumtha sin. Go praiticiúil, áfach, níl a fhios ag aon duine cá bhféadfaimis teacht ar a leithéid de réigiún.

Rinne an fisiceoir Meicsiceach Miguel Alcubierre ar mhatamaitic an innill fhreangtha - sás a chruthódh bolgán míchumtha spáis timpeall ar an spáslong fhorsholasach. Ansin, bheadh struchtúr an spáis féin á chrapadh roimh an spáslong agus á fhairsingiú taobh thiar di. Go bunúsach, bheadh an cleas indéanta dá mbeadh "damhna coimhthíoch" againn, is é sin, damhna a bhfuil dlús an fhuinnimh ann níos ísle ná an neamhní. Mar atá na cúrsaí inniu, áfach, níl a fhios ag aon duine cá dtiocfá ar a leithéid de dhamhna, nó conas a tháirgfeá é.

Maidir leis na poill phéiste, bheadh damhna coimhthíoch de dhíth le ceann acu siúd a chruthú, chomh maith. Na "poill phéiste" atá ann, is é sin, na dúphoill, tá an teoiric ann go bhfuil bealach iontu go hollchruinne eile nó go hait éigin i bhfad i gcéin san ollchruinne seo againn, ach is é oighear an scéil ná go bhfuil singilteacht i gcroílár an dúphoill, agus aon rud a rachaidh tríd an tsingilteacht, ní bheidh ach fuinneamh fágtha de ar an taobh eile.