Córas saothraithe barr a sholáthraíonn riachtanais an phobail atá ann anois gan baint d'ábaltacht na nglún atá le teacht feidhm a bhaint as na hacmhainní céanna. Ní mar seo atá cuid mhaith córais saothraithe barr, córais atá in úsáid sna trópaicí go háirithe, ina laghdaítear luchtlach mianraí is cumas coimeádta uisce na hithreach go leanúnach, agus fásach fadtréimhseach mar thoradh. Ach is deacair coincheap na hinmharthanachta a shonrú go beacht, cad is cé mhéid atá le caomhnú, cé a gheobhaidh sochar as is cathain, agus cad iad na critéir ratha. De ghnáth tagann na coincheapanna seo san áireamh: caomhnú cumas táirgthe an chóras talmhaíochta, úsáid ionchur seachtrach neamh-inathnuaite a laghad agus is féidir, próisis nádúrtha (athleasú na hithreach, fosúchán nítrigine, gaolta idir péisteanna is ainmhithe creiche) a shlánú, eolas na bhfeirmeoirí áitiúla a chur le heolas na n-eolaithe, feirmeoirí is daoine eile sa dúiche a bheith páirteach i ndéanamh na socruithe, agus caighdeán is méid an uisce, an taobh tíre is na beatha fiáine a fheabhsú de réir a chéile.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Talmhaíocht inmharthana". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 642.