Teoiric mheabhraitheach chandamach a chuimsíonn na fórsaí nádúrtha go léir, agus a dhéanann iarracht na deacrachtaí a bhain le scéimeanna aontaithe na bhfórsaí a saothraíodh roimhe seo leis an imtharraingt a chuimsiú. Thairg an fisicí Briotanach Micheal Green is an fisicí Meiriceánach John Schwartz an scéim seo i 1984. Tá an teoiric bunaithe ar bhunsreangán fo-mhicreascópach fadaithe, in ionad an ghnáthbhunphointe, agus cuimsíonn an fhorshiméadracht. Níl an teoiric comhsheasmhach ach i 10 dtoise, agus níl aon fhianaise ná sonraí turgnamhacha a thacaíonn léi.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teaghráin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 645.