Is éard is teanga mhionlaigh (nó teanga neamhfhorleathanmionteanga no teanga réigiúnach srl.) ann ná teanga atá á labhairt ag mionlach de dhaonra i gcríoch áirithe. Mar shampla, is teangacha mionlaigh iad an Ghaeilge agus an Bhreatnais.

"Tagraíonn an téarma “mionlaigh” do chásanna ina bhfuil an teanga á labhairt ag daoine nach bhfuil comhchruinnithe i gcuid shonrach de chríoch stáit nó ina labhraíonn grúpa daoine í atá, cé go bhfuil siad comhchruinnithe i gcuid de chríoch stáit, níos lú ó thaobh a lín de ná an daonra sa réigiún sin a labhraíonn teanga thromlaigh an stáit. Tagraíonn an dá théarma dá bhrí sin do chritéir fhíorasacha agus ní do thuairimí dlí agus baineann siad i gcás ar bith don chás i stát ar leith (mar shampla, d’fhéadfadh gurb ionann teanga mhionlaigh i stát amháin agus teanga thromlaigh i stát eile)." [1]


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar