Cineál fuinnimh is ea an teas. Is é rud is ciontach le teas in ábhar: gluaisní fánacha na móilíní agus na gcáithníní fo-adamhacha san ábhair sin. Mar a chéile an méid teasa a bhíonn i mblúire damhna agus fuinneamh iomlán ghluaisne na móilíní. Nuair a théitear damhna mar sin, méadaíonn ar a theocht, agus ascalaíonn na móilíní, agus is mó is tapa a ghluaiseann siad. Is é an toradh a bhíonn air sin ná an damhna a fhorbairt. Má dhéantar a dhóthain téite ar ábhar soladach, agus na móilíní cóngarach dá chéile ann, bristear na naisc eatarthu, agus imíonn an solad ina leacht. Má théitear an leacht a thuilleadh, tagann luas chomh mór sin faoi na móilíní go saortar go hiomlán óna chéile iad. Galgás a dhéantar den leacht an uair sin. Mar an gcéanna, nuair a fhuaraítear damhna, déantar luasmhoilliú ar na móilíní, agus crapann an t-ábhar, is é rud a dhéanfaidh sé; comhdhlúthú ina leacht trí fhuarú, agus ina dhiaidh sin, reo ina sholad.

Teas ón nGrian.

Is é an tslí a ndéantar teas a aistriú ó áit go háit i solaid nó i leachtanna: trí é a sheoladh. Le comhiompar a dhéantar teas a aistriú i sreabháin agus i ngáis, agus le radaíocht fodhearg a dhéantar teas a aistriú tríd an saorspás agus trí gháis. Is í an teirmidinimic an eolaíocht ina gcíortar cúrsaí teasa: teas a ghiniúint, a aistriú, agus a athrú ina obair mheicniúil, nó ina chineál eile fuinnimh. Is é an giúl {J} gnáthaonad an teasa. Aonad coitianta fuinnimh is ea chomh maith é, agus aonad oibre. Tá seanaonad teasa ann a dtugtar an calra air.