Is é is teiléacs[1][2] ann ná córas idirnáisiúnta teileagrafaíochta ina dtarchuireann na línte teileafóin teachtaireachtaí clóbhuailte.

Gléas teiléacs

Bíonn trealamh chun na focail clóbhuailte a chlaochlú ina gcomharthaí leictreacha, agus a mhalairt (teiliprintéirí).

Bhíodh a ghlaochomhartha is a uimhir féin ag gach rannpháirtí sa chóras. Saor go leor a bhí sé, ach timpeall 1990 bhí an córas facs tar éis teacht ina ionad, agus ó shin is é an ríomhphost an córas ardcheannasach.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “telex — Aistriúchán Gaeilge ar telex (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-08-16.
  2. “telex” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  3. Hussey, Matt (2011). "Teiléacs". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 650.