Teileascóp a dhear an t-eolaí Francach Louis Cassegrain (c 1629-1693) i 1672. Anois is é an córas optúil is coitianta i gcomhair teileascóip. Príomhscáthán parabólóideach ann, agus poll ina lár. Bíonn scáthán tánaisteach hipearbolóideach suite taobh istigh d'fhócas an phríomhscátháin, agus an súilphíosa taobh thiar den phríomhscáthán. Baineann an chuid is mó de na teileascóip ollmhóra optúla ar Domhan feidhm as an eagar seo. Is athraitheach air teileascóp Schmidt-Cassegrain, ina bhfuil lionsa ceartaithe freisin, a úsáidtear i réalteolaíocht amaitéarach den chuid is mó.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teileascóp Cassegrain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 120.