Teileascóp ciorcail fhadlínigh

Is éard is teileascóp ciorcail fhadlínigh[1] ann ná teileascóp a dheartar go háirithe chun reanna neamhaí a bhrath is iad ag trasnú na fadlíne. Tugtar ciorcal trasdula air freisin. Suitear é ar ais fhosaithe soir-siar, é in ann luascadh ó thuaidh is ó dheas amháin, agus úsáidtear é chun am trasdula gach réalta thar an bhfadlíne áitiúil a thomhas. San am atá thart bhíodh sé tábhachtach chun ionaid réaltaí a chinneadh, ach anois is chun gluaiseachtaí neamhrialta i rothlú an Domhain a bhrath is a thomhas a úsáidtear é. De bhrí go raibh ionstraim iontaofa i nGreenwich ag an am, cinneadh i 1884 an phríomhfhadlíne (0°) a shuíomh ansin.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “meridian circle” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-07.
  2. Hussey, Matt (2011). "Teileascóp ciorcail fhadlínigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 651.