Teilifís chiorcaid iata le cuid mhaith feidhmeanna sábháilteachta, ó mhaoirseacht limistéir na gcustaiméirí in ollsiopaí go dtí monatóiriú ionad éagsúil i bhfad amach ó oifig lárnach. Bíonn ceamaraí in úsáid a bhíonn íogair do leibhéil ísle solais agus lionsaí leathanuillinneacha orthu chun an t-uasmhéid den radharc os a chomhair a ghabháil. Uaireanta bíonn treoshuíomh an cheamara faoi chianrialú ón oifig lárnach breathnaithe. Bíonn fístaifeadán ag taifeadadh an radhairc an t-am ar fad, nó nuair a lasctar ann é le comhartha ó bhrathadóir gluaiseachta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teilifís faire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.