Bealach chun íomhá infheicthe a dhéanamh ón teasradaíocht a thagann ón radharc. Astaíonn gach réad roinnt radaíochta infridheirge, ag brath ar theocht an dromchla (dlí Wien). Sa teirmeagraf bíonn brathadóirí soladstaideacha infridheirge atá in ann an radaíocht seo a bhrath sa dorchadas nó toit, agus íomhá cosúil le híomhá teilifíse a chruthú le hathruithe sa ghile i gcomhréir le déine na radaíochta infridheirge ón radharc. Is féidir íomhá dhaite a chruthú freisin agus gach dath códaithe ag déine na hinfridheirge.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teirmeagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 656.