Sa bhfisic, téarma ginearálta do na hiarrachtaí airíonna córas ina bhfuil roinnt cáithníní nó réad a idirghníomhaíonn le chéile, is cuma cén saghas cáithníní is cén fhoirm idirghníomhaithe atá eatarthu, a thuiscint. Samplaí dá leithéid is ea na núicleóin ag gluaiseacht sa núicleás, na leictreoin ag gluaiseacht san adamh, is na pláinéid sa Ghrianchóras, agus baintear feidhm as neasteicníochtaí ilréad len iad a ionramháil. I 1994 chruthaigh an matamaiticeoir Zhihong Xia gur fadhb neamhinsuimeálaithe, gan réiteach matamaiticiúil simplí, í fadhb chlasaiceach na 3 réad, ina n-idirghníomhaíonn 3 réad trí fhórsaí imtharraingthe amháin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Teoiric ilréad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 658.