Is bailéad Béarla é “The Fields of Athenry” (Páirceanna Bhaile Átha an Rí) a scríobh Pete St. John sna 1970idí a bhfuil cáil ar leith air in Éirinn. Tá an t-amhrán bunaithe i dtréimhse an Ghorta Mhóir in Éirinn. Is scéal é faoi fhear ó Bhaile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe, a cuireadh chun na hAstráile (Bá Botany) mar gur ghoid sé bia ar son a mhuintir bhocht. Cantar an t-amhrán go minic ag ócáidí spóirt ag lucht leanúna na hÉireann.

Infotaula de cançóThe Fields of Athenry
Cineálsaothar ceoil
TaibheoirDropkick Murphys, Danny Doyle (en) Aistrigh agus Pádraig Ó Rathaille
Foilsithe1979
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
TeangaBéarla
LiriceoirPete St. John
CumadóirPete St. John
TírÉire
Musicbrainz: b49374b9-cfc9-3544-9e66-78ce1133f6fb Cuir in eagar ar Wikidata

Taifeadadh don chéad uair é sa bhliain 1979, nuair a bhain Danny Doyle barr na gcairteacha amach leis. An leagan is cáiliúla ná ceann Paddy Reilly, a d'fhan sna cairteacha ar feadh 72 seachtain in Éirinn. Is é an t-amhrán is mó dá chuid riamh.

I liricí an amhráin, an té atá i gceist le “for he stole Trevelyan’s corn” ná státseirbhíseach sinsearach de chuid Rialtas na Breataine in Éirinn, Charles Edward Trevelyan, a bhí ag obair le Fear Ionaid an Rí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.