Racbhanna as Tuaisceart na hÉireann is ea Therapy?. Sheinnean siad miotal trom don chuid is mó, agus bhí rath idirnáisiúnta acu i rith na 1990í. Sheol siad an t-albam Troublegum i 1994, a bhí an-rathúil, agus an ceirnín is fearr sa bhliain seo, de réir an iris raic Kerrang!. Bunaíodh an banna i mBéal Feirste ag deireadh na 1980í, agus tá siad ag seinm le chéile fós.

Bosca Sonraí EagraíochtaTherapy?
lang=ga
(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálracbhanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1989, Latharna Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1989 –
Lipéad ceoilWiiija
A&M Records
Marshall Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach, rac-cheol, miotal malartach agus rac torainn Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáintherapyquestionmark.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2164364 Facebook: Therapyofficial Twitter: therapyofficial Instagram: therapyofficial Youtube: UC7ZeIuKJwO4ORBeSBx60NGg Spotify: 3MomZRiJwdZmYnysgtF4Ey iTunes: 13128523 Last fm: Therapy%3F Musicbrainz: 85226286-349a-4046-8dcf-f75b32baa6b1 Songkick: 108521 Discogs: 32480 Allmusic: mn0000925636 Deezer: 3586 Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

1989-1994 cuir in eagar

Bhuail Andy Cairns as Ballyclare agus Fyfe Ewing as Larne le chéile ag ceolchoirm áitiúil i 1989. Bhí an bheirt acu tugtha don bhannaí céanna, mar shampla Sonic Youth, Hüsker Dü, Butthole Surfers, The Undertones, Captain Beefheart, Motörhead, Mudhoney, Fugazi, The Stooges agus bannaí eile. Thosaigh siad a mbanna féin, agus roghnaigh siad an t-ainm Therapy. Botún ab ea an comhartha ceiste tar éis an t-ainm. Nuair a bhí sé ag déanamh a gcéad singil, chuir Cairns an t-ainm san áit mícheart, agus mar sin d'úsáid sé an comhartha ceiste chun an spás breise a líonadh. Thosaigh siad ag obair ar a chéad ceirnín, agus tháinig Michael McKeegan, cara Fyfe, isteach leo ag seinm an dhord-ghiotár. Sheol siad amach a gcéad singil Meat Abstract i 1990, agus bhí an t-ádh acu nuair sheinn John Peel ón BBC an t-amhrán ar a chlár raidió. Bhuail siad an bóthar ar a gcéad turas sa samhradh, ag seinm le Fugazi, Loop, Ride, Inspiral Carpets, Teenage Fanclub, Ned’s Atomic Dustbin agus Tad. I 1991, sheol siad amach a gcéad albam Babyteeth, agus chuaigh sé go dtí barr na chartaí neamhspleácha.

Lean Therapy? ar aghaidh i 1992 le h-albam nua, Pleasuredeath. Sheinn siad ag na féilte móra san Ghearmáin, An Fhrainc agus ag Reading i Sasana, agus Féile in Éireann. Sa samhradh, fuair Therapy? conradh leis an gcomhlacht mór A&M Records. Rinne siad albam nua Nurse, agus chuaigh an singil Teethgrinder go dtí uimhir 30 sna chartaí. Bhí cáil Therapy? ag fás go tapaidh ag tús 1993. Sheol siad an Shortsharpshock EP, agus chuaigh an singil Screamager isteach san UK Top Ten. Sheinn siad an singil ar an chlár teilifís cáiliúil Top of the Pops. Chuaigh siad amach ar turas san Eoraip agus SAM, agus sheinn siad ar chúpla clár teilifíse eile.

1994-2006 cuir in eagar

Shroich Therapy? ag a mbarrchéim i 1994 leis an albam Troublegum. Chuaigh sé isteach sa UK Top Five, agus bhí na singlí Nowhere, Die Laughing, Trigger Inside agus Isolation an-rathúil freisin. Sheinn siad arís i SAM, le Henry Rollins agus daoine eile. Sheinn siad freisin san Eoraip, agus ag na féilte arís. Fuair siad duais ón iris Kerrang! mar bhí Troublegum roghnaithe mar an t-albam is fearr den bhliain. Bhí an t-albam ina dhiaidh, Infernal Love, rathúil freisin, leis an singil mór Diane.

I 1996, d'fhág Ewing an banna agus tháinig Graham Hopkins isteach ina áit. Tháinig Martin McCarrick isteach sa bhanna freisin, ag seinm an ghiotár. Sheinn McCarrick an dhordveidhil níos luaithe ar na albaim Troublegum agus Infernal Love. Bliain ciúin ab ea an bhliain 1997, ach tháinig Therapy? ar ais i 1998 leis an albam Semi-Detached. Bhí A&M Records i dtrioblóid ag an am sin, agus cuireadh stop leis i gceann tamaill. Ní raibh aon comhlacht eile ag Therapy? ag an am sin, agus bhí fearg an domhain orthu. Mar thoradh, rinne siad albam nua a bhí an-glórach agus neamh-tráchtála, Suicide Pact-You First. Ní raibh an t-albam ró-rathúil, ach ba mhaith le cuid de na criticeoirí é. I 2001, chuaigh siad go dtí Seattle, SAM chun an t-albam Shameless a dhéanamh le léiritheoir cáiliúla Jack Endino. Toradh maith ab ea an t-albam. Ag deireadh 2001, d'fhág Hopkins an banna.

I 2002, chuaigh Therapy? amach ar turas arís, le drumadóir Keith Baxter. Bhuail siad le drumadóir Neil Cooper i rith an samhradh, agus tháinig sé isteach sa bhanna. Is drumadóir foirfe é Cooper don bhanna, agus rinne siad albam nua láidir High Anxiety i 2003. Bhí an t-albam rathúil arís, agus rinne an banna an Scopophobia DVD ag taispeántas i mBéal Feirste. D'fhág McCarrick an banna i 2004, ach lean siad ar aghaidh chomh láidir is riamh leis an albam nua Never Apologise Never Explain. Sheol Therapy? a gceirnín is déanaí One Cure Fits All ar 24 Aibreán, 2006.

Albaim cuir in eagar

  • Babyteeth (1991)
  • Pleasure Death (1992)
  • Nurse (1992)
  • Troublegum (1994)
  • Infernal Love (1995)
  • Semi-Detached (1998)
  • Suicide Pact - You First (1999)
  • So Much For the Ten Year Plan (2000)
  • Shameless (2001)
  • High Anxiety (2003)
  • Never Apologise Never Explain (2004)
  • One Cure Fits All (2006)
  • Crooked Timber (2009)
  • A Brief Crack of Light (2012)
  • Disquiet (2015)
  • Cleave (2018)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Therapyquestionmark Suíomh oifigiúil

Tagairtí cuir in eagar