Céad albam stiúideo banna rac Éireannach leis an ainm céanna é Thin Lizzy, a scaoileadh ar 30ú Aibreán 1971. Tháinig an ceirnín leathfhada New Day amach tar éis dó ar 20ú Lúnasa 1971, léirithe agus taifeadta ag Nick Tauber i Stiúideonna Decca idir 14ú-17ú Iúil 1971. Bhí na hamhráin ar an gceirnín leathfhada san áireamh ar leaganacha an albaim a eisíodh sna blianta ina dhiaidh sin.

WD Bosca Sonraí AlbamThin Lizzy
Cineálalbam stiúideo
EalaíontóirThin Lizzy
Eisithe30 Aibreán 1971
Seánrarac-cheol crua, rac forásach, rac Ceilteach, rac-cheol tíre agus gormrac
Fad3,045
TeangaBéarla
LipéadDecca Records
LéiritheoirScott English
Formáidceol sruthaithe
Croineolaíocht
albaim de chuid Thin Lizzy in ord croineolaíoch
luach ar iarraidh
Spotify: 7w9rDEQYLJRWcRUctOFbPy Discogs: 211463 Allmusic: mw0000654698 Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

Thaifead an banna an t-albam thar thréimhse 6 lá, ó 4ú-9ú Eanáir 1971 i Stiúideo Decca, Londain, Sasana. Léirigh Scott English an t-albam. Is albam rac-ghormacha agus rac-cheol tíre é. Scaoileadh an t-albam faoin lipéad Decca in (Éirinn agus i Sasana, agus faoi London Records i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada)

Léirmheasanna cuir in eagar

Thug Eduardo Rivadavia (Allmusic) cur síos ar an albam mar "aisteach go leor, séimh" agus scriobh sé go raibh fuaimeanna cúpla amhrán "trína chéile agus neamh-chríochnaithe". Ach, thug sé cur síos ar "Look what the Wind Blew In" mar "leid faoi cad a bhí le teacht". Dúirt sé gur "céad liric mhór" [Phil] Lynott an rian bónais "Dublin" ón gceirnín leathfhada New Day freisin. Thuig an léiritheoir Ceanadach Martin Popoff nádúr triaileach an albaim, "ag tarraingt don chuid is mó ó análacha gormacha neamh-mhiotail" agus cheap sé go raibh na píosaí "scríofa an-mhaith, an-Ghaelach [agus] ón gcroí."

Tionchar cuir in eagar

Sheinn Cass McCombs "Honesty is no Excuse" ar a albam Big Wheel and Others ó 2013.

Liosta Rian cuir in eagar

Gach amhrán scríofa ag Phil Lynott, ach amháin le nóta breise.

Taobh 1
Ui. Teideal Fad
1. "The Friendly Ranger at Clontarf Castle" (Eric Bell, Lynott) 3:01
2. "Honesty Is No Excuse" 3:40
3. "Diddy Levine" 7:04
4. "Ray-Gun" (Bell) 3:05
5. "Look What the Wind Blew In" 3:23
Taobh 2
Ui. Teideal Fad
6. "Eire" 2:07
7. "Return of the Farmer's Son" (Brian Downey, Lynott) 4:14
8. "Clifton Grange Hotel" 2:26
9. "Saga of the Ageing Orphan" 3:40
10. "Remembering" 5:59
New Day I.P rian bonús
Ui. Teideal Fad
11. "Dublin" 2:26
12. "Remembering, Pt. 2 (New Day)" (Bell, Downey, Lynott) 5:04
13. "Old Moon Madness" 3:52
14. "Things Ain't Workin' Out Down at the Farm" 4:29
Fad albaim 54:30

Leagan athmhástrithe agus leathnaithe (11ú Samhain 2011) cuir in eagar

Ui. Teideal Fad
11. "The Farmer" 3:40
12. "Dublin" 2:30
13. "Remembering Pt. 2 (New Day)" 5:08
14. "Old Moon Madness'Italic text" 3:56
15. "Things Ain't Working Out Down at the Farm" 4:32
16. "Look What the wind blew in" (Leagan breisdubálta is athmheasctha 1977) 3:22
17. "Honesty Is No Excuse'Italic text" (Leagan breisdubálta is athmheasctha 1977) 2:46
18. "Dublin" (Leagan breisdubálta is athmheasctha 1977) 2:32
19.

C

"Things Ain't Working Out Down at the Farm" (Leagan breisdubálta is athmheasctha 1977) 3:58
Fad albaim 71:03


Singlí cuir in eagar

  • "The Farmer" / "I need You" - 7" (1970)
  • Ceirnín LeathfhadaNew Day: "Dublin"/"Remembering Part 2"/ "Old Moon Madness"/ "Thing's ain't Working out at the Farm" - 7" (1971)


Pearseanra cuir in eagar

Thin Lizzy cuir in eagar

  • Phillip Lynott - Fonnadóir, dordghiotár, giotár rithime, giotár acústach.
  • Eric Bell - Priomh-ghiotár, 12-sreang,
  • Brian Downey - Drumaí, cnagadh

Ceolteoirí eile cuir in eagar

  • Ivan Raymonde - Mellotron ar "Honesty is no excuse"
  • Eric Wrixon - Méarchlar ar "The Farmer"
  • Gary Moore - Giotár eile ar rian 16-19
  • Midge Ure - Fonnadoireacht eile agus giotár ar rian 16-19

Léiritheoirí cuir in eagar

  • Scott English - Léiritheoir
  • Peter Rynston - Innealtóir fuaime