Stáisiún núicléach ginte leictreachais i lár stát Pennsylvania sna Stáit Aontaithe is ea Three Mile Island.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Three Mile Island
Íomhá
Sonraí
CineálNuclear power plant (en) Aistrigh
Foirgníocht1970 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Three Mile Island accident (en) Aistrigh
Tréith
Staid úsáidedíchoimisiúnaithe
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinLondonderry Township, Pennsylvania (en) Aistrigh
SuíomhThree Mile Island (en) Aistrigh
Map
 40°09′07″N 76°43′30″W / 40.15205°N 76.72491°W / 40.15205; -76.72491
Gníomhaíocht
Am oibriúcháin2 Meán Fómhair 1974 –  20 Meán Fómhair 2019
ÚinéirExelon
OibreoirExelon
Cumhacht rátáilte819 MW
Suíomh gréasáin oifigiúilexeloncorp.com…
Three Mile Island

Tharla drochthionóisc ann sa bhliain 1979, nuair a leáigh cuid mhaith de chroíleacán an imoibreora agus a sceith roinnt iseatóp radaighníomhach san atmaisféar.

An tubaiste cuir in eagar

Ar an 28 Márta 1979, is amhlaidh a tharla teip sa chóras fuaraithe[1], ach in ionad an croíleacán a bhá le huisce, lasc na hoibreoirí an córas éigeandála fuaraithe as ionas go raibh an croíleacán saor ó uisce fuaraithe ar feadh 40 nóiméad ar a laghad.

 
Plean

Leádh is loiteadh timpeall 75% den chroíleacán, ach ar ámharaí an tsaoil níor leádh go hiomlán é agus níor thit an breosla núicléach leáite go bun an tsoitheach treisithe coinneála. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh baol ann go ngalódh teas an chroíleacáin aon uisce ansin, nó fiú faoin talamh faoina bhun, agus go dtarlódh pléasc chumasach gaile a réabfadh an soitheach is a sceithfeadh an-chuid ábhair radaighníomhaigh ón gcroíleacán amach san atmaisféar.

 
Washington Post

Is cinnte go raibh an tionóisc sin an-ghar dá leithéid d'olltubaiste, agus bhí an t-ádh ar phobal Pennsylvania nár treádh an soitheach is go raibh teorainn leis an oiread radaighníomhaíochta a sceitheadh san atmaisféar.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. https://www.nrc.gov/reading-rm/doc-collections/fact-sheets/3mile-isle.html
  2. Hussey, Matt (2011). "Three Mile Island". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 661.