Bunbhrí: Is iall é an tiarach a ritear ón gcoirb siar faoi eireaball capaill nó asail lena chinntiú nach sciorfaidh na cléibh amach i mullach an ainmhí.

Tiarach mar chulaith shnámha do bhean, taobh thiar.

Is é atá i dtiaraigh ná cineál fo-éadaigh nó cineál culaithe snámha. Is é an rud is suntasaí ann go bhfuil stiall chaol éadaigh sa lár mar chúl ar an gculaith, atá déanta chun bheith ina luí idir mása an duine atá dá caitheamh. Agus thíos tá an stiall ceangailte leis an dtaobh thoir agus thuas thiar leis an gcrios.[1]. Tá tréan chineáil tiarach ann, a bhraitheann ar thiús, ar ábhar nó ar chuma an taoibh thiar dó. Faightear iad ar fud an domhain, dosna fearaibh agus dosna mnáibh. Tá na tiaracha cosúil le g-stringeanna, ach is é an difear is mó eatarthu go mbíonn i bhfad níos mó ábhair idir na cosa agus idir na mása, nuair a bhíonn níos lú ábhair i gceist i g-string, go hiondúil sreang chaol.[2]

Is é an sainmhíniú a thugann an díoltóir FreshPair "Cineál fo-éadaigh dosna fearaibh agus dosna mnáibh, le píosa caol ábhair thiar ina luí idir na mása"[3] nuair is é an rud g-string ná "brístín le banda ana-chaol (cosúil le sreang) d’éadach ar an dtaobh thiar dó".[4]

Stair cuir in eagar

Creidtear gurb é an rud atá i mbunús na dtiarach ná an fhoirm éadaigh is sine, an bhréid gabhail, ar phíosa éadaigh déanta dosna fearaibh go hiondúil é, go díreach malairt an ruda a chítear sa tsaol inniu san Iarthar, áit ar mná is mó a chaitheann tiaracha.[5]

Mar éadach don lá inniubh, ar dtúis, is sa Bhrasaíl a d’éirigh na tiaracha faiseanta mar chulaith shnámha.[6]. Ar dtúis is é an rud "tiarach" ná rud déanta do leathar a chuirtear ar thóin capaill. Agus mar gheall air sin do bhain cuid do lucht na Gaeltachta úsáid as an bhfocal san mar thagairt don chineál éadaigh dosna daoine.

B’í an chéad chulaith éadaigh a dhíorthaigh ón mbréid gabhail ná an jockstrap, a chruthaigh Sharp & Smith, comhlacht stuif spóirt i Chicago sa bhliain 1874.[7]. Deineadh an chéad tagairt do thiaraigh thar éis na blianta 1900, sa bhliain 1939 i Nua-Eabhrac, nuair a d’ordaigh an Maor Fiorello LaGuardia ar rinceoirí loma culaith níos oiriúnaí do chur orthu. Deirtear gurb é an dearthóir éadaigh Rudi Gernreich a chum taobh thiar na dtiarach nua-aimseartha sa bhliain 1974, agus bhí ana-éileamh orthu i Meiriceá Theas, go háirithe sa Bhrasaíl.[8]. Sna 1990dí, d’éirigh an tiarach ana-fhaiseanta sna Stáit Aontaithe, le níos mó ná $2 bhilliún do thiaracha díolta sa bhliain 2006.[9] Ar na mallaibh, d’éirigh na tiaracha dosna fearaibh ana-fhaiseanta leis, mar gur maith a choinníd a n-orgán, go háirithe chun reatha, cleasaíochta, spóirt, agus mar fho-éadach laethúil.[10]

Dearadh cuir in eagar

Is iomdha cineál tiarach, ina measc an tiarach choitianta, an G-string, agus an V-string.

  • Tiarach thraidisiúnta. Sin an cineál is coitianta: ar chúl tá stiall éadaigh measartha leathan, a cheanglaíonn an taobh thoir leis an gcrios.
  • G-string. Sa chineál san tá sreang éadaigh ar chúl. Deir daoine gurb ionann "tiarach" agus "G-string", ach le fírinne ní hionann iad.[11] Is cineál tiaraí an g-string, ach ní g-string tiarach i gcónaí.
  • V-string. Cosúil leis an G-string. Ansan tá sreang éadaigh idir na mása ach go díreach roimis an gceangal leis an gcrios tá dhá shreang ar chuma V, nó triantán beag éadaigh, os ciúnn na más.
  • Crios rince. Sin cineál tiaraí déanta go speisialta do rinceoirí fir, go háirithe do bhailé. Is é a aidhm orgáin an rinceora a chosaint agus a choinneáil ar feadh cleasaíochta nó rince, gan bheith sofheicithe trís an gcuid éadaigh, mar riteoga nó léatard.
  • Tá tiaracha le fáil mar chulaith shnámha d’fhearaibh agus do mhnáibh.

Tá stíleanna eile chomh maith, mar shampla: [12][2]:

  • Tiarach do lása soshínte do mhnáibh
  • Tiarach do mhogall
  • Tiarach do mhicreashnáithín soshínte do mhnáibh
  • Tiarach do chadás soshínte
  • Tiaracha do chadás
  • Tiaracha ar chuma T
  • Tiaracha na coime ísle

Buntáistí cuir in eagar

Dosna fearaibh cuir in eagar

Go hiondúil is deacra tiaracha d’fháil dosna fearaibh, ná dosna mnáibh, (mar ins an tsuirbhé seo[nasc briste go buan]). Is iomdha cúiseanna ag fearaibh nó ag garsúin chun tiaracha do chaitheamh, mar fho-éadaí nó mar chulaith shnámha.[13][14] Ina measc tá :

  • Compord
  • Ní fheictear línte an fho-éadaigh
  • Is maith a choinníd na horgáin [15]
  • Ní fheictear iad os ciúnn bríste
  • Ní théid suas, mar sin ní gá an fo-éadach do tharrac síos os comhair an phobail
  • Ní thógaid mórán spáis i dtarraiceán nó i mála taistil [16]
  • Nuair a bhuítear fén ngréin, le tiaraigh ní fheicfear mórán línte dhath gréine
  • Mothaítear níos gnéasúla

Dosna mnáibh cuir in eagar

Is iomdha cúiseanna ag mnáibh nó ag cailíní chun tiaracha do chaitheamh mar fho-éadaí nó mar chulaith shnámha.[17][14][18]

Ina measc tá :

  • Compord, fanann sí san áit a bhfuil sí, ní mhothaítear fáiscithe [19][20]
  • Ní fheictear línte brístín, ní fhágaid línte ar an gcraiceann ach oiread [21][22][23][24]
  • Ní fheictear iad os ciúnn bríste (go hiondúil)[25]
  • Ní théid suas, mar sin ní gá an fo-éadach do tharrac síos os comhair an phobail [26][27][24]
  • * Ní thógaid mórán spáis i dtarraiceán nó i mála taistil, agus táid éadrom[16][24]
  • Mothaíonn tú mar dhuine fásta ’s tú dá gcaitheamh [24]
  • Táid san fhaisean, tá mórán stíleanna agus dathanna ar fáil[28][24]
  • Nuair a bhuítear fén ngréin, le tiaraigh ní fheicfear mórán línte dhath gréine
  • Mothaítear níos gnéasúla, níos banúla, agus cuirid cuma níos deise ar an dtóin [29][24]


Gnéithe sóisialta cuir in eagar

Manaí cuir in eagar

Tá na manaí ar na tiaracha ag athrú sa chuid is mó do thíortha an Iarthair agus de réir a chéile is mó a ghlactar leo. Táid ag éirí níos coitianta mar fho-éadach agus mar chulaith shnámha, agus is minice a chítear tiaracha ar na tránna. Is minic a chítear daoine a chaitheann tiarach i dtíortha dheisceart na hEorpa agus ar thránna teochreasacha Mheiriceá Theas agus Fhlorida. I gcúpla contae nó baile dosna Stáit Aontaithe deineadh dlí um thiaracha, mar i Huntington Beach, California: cuireadh cosc ar bheith lom go poiblí ach glactar le tiaracha.[30][31] Dúirt Don Hansen, as an gComhairle sin "glacaimíd le tiaracha in Huntington Beach." [32]

Fir cuir in eagar

I SÁM agus san Eoraip, ar dtúis, ní bhíodh do thiaracha fir ach an crios rince, tiarach do chuspa fir agus do strippers fir. Anois táid ag éirí coitianta mar fho-éadaí d’fhearaibh.[33] Na fir nár mhaith leo go bhfeicfí línte a bhfo-bhrístí trína gcuid éadaigh eile caithid tiaracha. Ar na mallaibh deineadh suirbhéanna i measc Meiriceánaigh agus fuarathas go bhfuil 4% díobh ar tiaracha na fo-éadaí is fearr leo.[14] De réir vótaíochtaí neamhfhoirmiúla (agus mar san, nach féidir bheith cinnte fúthu), b’fhearr le mná áirithe fir a chaitheann tiaracha.[34][35], ach de réir ceann eile, ní bheadh sé fíor.

Ar chúiseanna soiléire anatamaíochta, ní dhéantar tiarach fhir mar a dhéantar tiarach mhná. Ceapann roinnt daoine fós gur éadaí do bhuachaillí bána na tiaracha, ach de réir a chéile athraíonn na manaí sin, mar go bhfuil uimhir na n-óigfhear a chaitheann tiaracha ag dul i méad.[14], Tá sé ag éirí níos fusa tiaracha fir d’fháil anois, agus díolann an chuid is mó dosna díoltóirí a leithéidí.

Is minice a chítear fir a chaitheann tiaracha go poiblí anois, mar shampla fir ar mian leo dath na gréine do theacht ar a gcorp go hiomlán ar an dtráigh. Cítear fir le tiaracha ar thránna SÁM agus na hEorpa. Tá i bhfad níos mó mná le tiaracha ar na tránna fós anois, ach nuair a dheintear tagairt do chúrsaí tiarach sa lá inniubh, go hiondúil is idir fhir agus mhná a bhíonn i gceist.[36]

Mná cuir in eagar

De réir suirbhéanna deireanacha, tá 28% do mhnáibh Mheiriceá ann ar fearr leo tiaracha ná aon fho-éadach eile. Sa bhliain 2002, b’iad na tiaracha an cineál fo-éadaigh mhná is mó a díoladh.[2][14] Tá díospóireacht ar siúl fós maidir leis an aois inar cheart dosna cailíní tosnú ag caitheamh tiarach.[37][38][39][40][41][42] Tá tiaracha ar fáil do chailíní ón dtríú grád amach. Tá díospóireacht leis maidir leis an nós a ligeann cailíní scoile barr a dtiaracha le feiscint os ciúnn crios a mbrístí d’aon turas. Tugtar "eireaball míl mhóir" ar an nós san. [43][44]

Is iomdha barúil maidir leis na fadhbanna sláinte a fhéadann tarlúint agus tú ag caitheamh tiaraí, go hiondúil i mbaint le fabhtuithe baictéaracha agus leis an bhfuil mhíosta.[45]

Naisc taobh amuigh cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Pictiúir cuir in eagar

Is iomdha stíl agus cineál tiarach ann agus is iomdha nós ar féidir a gcaitheamh. Anso thíos tá cuid dosna cineáil éagsúla san d’fhearaibh agus do mhnáibh araon.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Merriam-Webster online dictionary
  2. 2.0 2.1 2.2 "Leathanach tiaracha na bhfear in FreshPair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  3. FreshPair glossary of lingerie (T)
  4. Foclóirín na bhfo-éadaí ag FreshPair (G)
  5. "Leathanach tiaracha na bhfear ag FreshPair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  6. "Nuacht ag FreshPair fé Lá Náisiúnta na bhFo-Éadaí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  7. Roinnt na bhfear, ag FreshPair
  8. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-28. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  9. "Article Alley". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-28. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  10. Leathanach na dtiarach ag International Jock
  11. Díospóireacht fésna tiaracha agus na g-stringeanna ag Yahoo! Answers[nasc briste go buan]
  12. "Leathanach tiaracha na mban ag FreshPair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  13. JS Online
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 14.4 "Nuacht ag FreshPair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  15. Leathanach na dtiarach ag International Jock
  16. 16.0 16.1 "Leathanach tiaracha na mban ag FreshPair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  17. JS Online
  18. "Yahoo! Answers (dara cuid) "MNÁ IS CAILÍNÍ: Cad ina thaobh a gcaithfí Tiaracha?"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-25. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  19. Díospóireacht ag Yahoo! Answers[nasc briste go buan]
  20. "Yahoo! Answers (dara cuid) "MNÁ IS CAILÍNÍ: Cad ina thaobh a gcaithfí Tiaracha?"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-25. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  21. Eolaí faisin ag FreshPair
  22. "Time Magazine". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-03. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  23. Díospóireacht ag Yahoo! Answers[nasc briste go buan]
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 24.4 24.5 "Yahoo! Answers (dara cuid) "MNÁ IS CAILÍNÍ: Cad ina thaobh a gcaithfí Tiaracha?"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-25. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  25. Eolaí faisin ag FreshPair
  26. "Leathanach tiaracha na mban ag FreshPair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  27. Díospóireacht ag Yahoo! Answers[nasc briste go buan]
  28. Díospóireacht ag Yahoo! Answers[nasc briste go buan]
  29. Díospóireacht ag Yahoo! Answers[nasc briste go buan]
  30. "KNBC in Los Angeles "Huntington Beach Amends Proposed Nudity Ban To Allow Thong Bikinis"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  31. "KNBC in Los Angeles "Huntington Beach Council To Vote On Public Nudity Ordinance"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  32. "OC Register "Council puts nudity ban into effect"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-30. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  33. "FreshPair news release". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  34. "Suirbhé ag Mister Poll ar mhanaí tiarach - torthaí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-28. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  35. "Díospóireacht ag Yahoo! Answers". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-25. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  36. Díospóireacht ag Yahoo! Answers[nasc briste go buan]
  37. Díospóireacht ag Families Forum
  38. "Díospóireacht ag Yahoo! Answers". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-25. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  39. Díospóireacht Yahoo! Answers [nasc briste go buan]
  40. Díospóireacht ag Yahoo! Answers[nasc briste go buan]
  41. "Díospóireacht ag Yahoo! Answers "Are thongs still hot?"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-25. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  42. Díospóireacht ag Yahoo! Answers "13 and wearing a thong? is it ok?"[nasc briste go buan]
  43. Palo Alto online
  44. "Díospóireacht ag Yahoo! Answers "Thong whale tail?"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-24. Dáta rochtana: 2007-08-12.
  45. "Díospóireacht ag Yahoo! Answers "Is it safe to wear a thong when having a period?"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-24. Dáta rochtana: 2007-08-12.