Tiarnas Gwent

Ar cheann de na ríochtaí nó prionsachtaí sa Bhreatain Bheag le linn na Meánaoise,

Bhí Tiarnas Gwent (Breatnais: Teyrnas Gwent), idir an 6ú agus an 11ú haois, ar cheann de na ríochtaí nó prionsachtaí sa Bhreatain Bheag le linn na Meánaoise, de ghnáth, bhí sé suite idir na haibhneacha Gwy agus Wysg, sna tailte teorann ar a thugtaí 'Y Mers' (Laidin: Marchia Walliae ) orthu níos déanaí.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTiarnas Gwent
Gwent (cy) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°48′N 3°00′W / 51.8°N 3°W / 51.8; -3
Sonraí stairiúla
Cruthú430í
Díscaoileadh950í

Teacht chun cinn an tiarnais cuir in eagar

Bhí an ceantar ina ionad áitreafa ón tréimhse Phailéiliteach, le fríotha ón tréimhse Mhéisiliteach faighte ag Allteuryn agus fianaise go raibh fás leanúnach ar ghníomhaíocht i rith na Cré-Umhaoise, na hIarannaoise agus aimsir na Rómhánach.