Is timthriall bithgheoiceimiceach é an Timthriall Carbóin in a mbíonn carbóin malartaithe i measc an bhithsféir, an pheidisféir, an gheoisféir, an hidrisféir, agus atmaisféir an domhain. Tá sé ar cheann de na timthriallta is tábhachtaí atá ag an domhain agus tugann sé deis don dúil is flúirsí a bheith athchúrsáilte agus athúsáidte ar fud an bhithsféir agus i ngach orgánach dá chuid.[1]

Smaoinítear ar an timthriall carbóin de ghnáth mar cúig taiscumar mór carbóin agus iad idirnasctha le chéile trí bhealaí malairte. Is iad na taiscumair:

  • An atmaisféar
  • An bithsféar domhanda,
  • Na haigéin,
  • Dríodair, lena n-áirítear breoslaí iontaise.
  • An domhain istigh, scaoileann bolcáin agus córais geoiteirmeacha, carbón ó mhaintlín agus screamh an domhain isteach san atmaisféar agus sa hidrisféar.

Tarlaíonn gluaiseachtaí bliantúil an charbóin, malartú an charbóin idir taiscumair, trí phróisis ilghnéitheacha cheimiceacha, fhisiceacha, gheolaíochta, agus bhitheolaíocha. Coinníonn an fharraige mhór an linn gníomhach is mó charbóin i ngar do dhromchla an domhain, ach ní mhalartaíonn an domhainfharraige a chuid den linn charbóin go tapa leis an atmaisféar.

Tagairtí cuir in eagar