Nimh a tháirgeann miocrorgánaigh, agus a chuireann tús le galair nó neamhoird áirithe. Tá tocsain ispíneach ón mbaictéar Clostridium botulinum i measc na dtocsainí is cumasaí marfaí atá ar eolas. Cuireann tocsainí ó Salmonella typhi tús le fíabhras tíofóideach. Tocsainí ó Pasteurella pestis is cúis leis an bplá bhúbónach. Cuireann tocsainí ó Shigella dysenteriae tús le dinnireacht. Is féidir le plandaí is ainmhithe áirithe tocsainí a thál freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tocsain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 666.