Toghchán uachtaránachta na hÉireann
Is éard is toghchán uachtaránachta na hÉireann ná toghchán a reáchtáiltear le hUachtarán na hÉireann a roghnú. Is iondúil go dtarlaíonn sé gach 7 mbliana nó tar éis pé tréimhse a d'éireodh Uachtarán reatha as. Reáchtáladh an ceann is déanaí sa bhliain 2018 agus ba Mícheál D. Ó hUiginn a toghadh mar chomharba don phost don dara huair.
Cineál | aicme toghcháin | |||
---|---|---|---|---|
Tír | Éire | |||
Baint le limistéar údaráis | Éire | |||
Oifig le buachan | Uachtarán na hÉireann | |||
Forbhreathnú cuir in eagar
Caithfidh iarrthóirí:
- a bheith ina shaoránach Éireannach
- 35 bliain a bheith caite acu
- a bheith ainmnithe ag:
- ar a laghad fiche comhalta de chuid an Oireachtais, nó
- ar a laghad ceithre comhairle chontae nó cathrach, nó
- é/í féin (i gcás má tá téarma amháin déanta acu cheana).
Toghcháin cuir in eagar
2018 cuir in eagar
Bhí an toghchán ar siúl ar an 26 Deireadh Fómhair 2018 agus toghadh Mícheál D. Ó hUiginn in athuair.
2011 cuir in eagar
Mícheál D. Ó hUiginn a toghadh ar 27 Deireadh Fómhair 2011 mar chomharba ar Mháire Mhic Ghiolla Íosa don phost.
1997 cuir in eagar
Toradh toghcháin:
- Máire Mhic Ghiolla Íosa, Fianna Fáil 45.2%;
- Mary Banotti, Fine Gael ,29.3%;
- Dana Rosemary Scallon, 13.8%;
- Adi Roche Lucht Oibre, 6.9%;
- Derek Nally, Neamhspleách, 4.7%.
1990 cuir in eagar
Toradh toghcháin:
- Máire Mhic Róibín, Lucht Oibre, 38.9%;
- Brian Ó Luineacháin, Fianna Fáil, 44.1%;
- Austin Currie, Fine Gael, 17.0%.
1973 cuir in eagar
Toradh toghcháin:
- Erskine Childers, Fianna Fáil 51.9%;
- Tom O'Higgins Fine Gael 48.0%.
1966 cuir in eagar
Toradh toghcháin:
- Éamon de Valera, Fianna Fáil, 50.5%;
- Tom O'Higgins, Fine Gael 49.5%.
1959 cuir in eagar
Toradh toghcháin:
- Éamon de Valera, Fianna Fáil, 56.3%;
- Seán Mac Eoin, Fine Gael 43.7%.
1945 cuir in eagar
Toradh toghcháin:
- Seán T. Ó Ceallaigh, Fianna Fáil 49.5%;
- Seán Mac Eoin, Fine Gael 30.9%;
- Patrick McCartan, Lucht Oibre agus Clann na Talmhan19.6%;
1938 cuir in eagar
Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán sa bhliain 1938.