Is é is toilleoir (seantéarma: comhdhlúthadán nach moltar a úsáid a thuilleadh i gcomhthéacs na leictreonaice) ann ná comhbhall leictreach éighníomhach dhá los a úsáidtear le fuinneamh a chur ar stóras i réimse leictreach. Bíonn na toilleoirí éagsúil ó thaobh na foirme de ach is é is bunstruchtúr dóibh ná dhá sheoltóir leictreach agus tréleictreach (is é sin, inslitheoir - neamhsheoltóir) eatarthu. Go minic bíonn dhá scragall miotail ann agus scannán tanaí inslitheach eatarthu. Bíonn toilleoirí coitianta mar chomhbhaill i ngléasra leictreonaice.

Toilleoirí