Feithicil lainseála inathúsáidte is ea tointeálaí spáis, le foireann ar bord de ghnáth. Lainseáil NASA an chéad cheann i 1981, agus lainseáil an tAontas Sóivéadach ceann i 1988.

Columbia, Challenger, Discovery, Atlantis, agus Endeavour.

Iompraíonn tointeálaí spáis na Stát Aontaithe suas le seachtar foirne is timpeall 25 tonna pá-lasta, agus is féidir leis eitilt ar feadh coicíse. Soitheach ardaithe deilte-eiteach atá ann, le príomhinneall, umar seachtrach breosla atá inchaite thar bord, agus dhá roicéad threisithe cúnta le breosla soladach.

próifíl

Tháinig deireach leis an clá NASA sa bhliain 20111. Lainseáladh iad an iliomad uair chun satailítí a lainseáil is a dheisiú, turgnaimh a dhéanamh, Spacelab a iompar, agus spásárthaigh a fháil ar ais óna bhfithisí.

Discovery 2009

Stair cuir in eagar

Bhí 5 fheithicil sa chabhlach ó NASA: Columbia, Challenger, Discovery, Atlantis agus Endeavour.

  • Columbia. Lainseáladh Columbia den chéad uair i 1981). Cailleadh foireann iomlán eile nuair a theip ar aisfhilleadh Columbia i 2003.
  • Challenger (1983). Ar an 25ú lainseáil cailleadh an fhoireann iomlán nuair a phléasc Challenger i 1986.
  • Discovery (1984). Sa bhliain 1988, cuireadh an clár NASA i bhfeidhm arís le lainseáil Discovery eile.
  • Atlantis (1985).
  • Endeavour. Cuireadh an tointeálaí Endeavour sa tseirbhís i 1992.
 
Challenger

Nuair a theip ar aisfhilleadh Columbia i 2003, níor lainseáladh tointeálaí arís go dtí 2005. Bhí nasc ag Discovery leis an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta chun go ndéanfadh spásaire siúlóid spáis ar feadh 6 uair leis an sciath teasa faoi bhun an tointeálaí a dheisiú.

Tháinig deireadh le clár NASA an dtointeálaithe spáis i 2011 nuair a chríochnaigh an 135ú misean le filleadh Atlantis ón Stáisiún Spáis.

Tointeálaí spáis agus an Eoraip cuir in eagar

Cuireadh clár an ESA ar ceal gan aon lainseáil.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tointeálaí spáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 667.