Tomás Dubh de Buitléir, 10ú hIarla Urumhan

iarla Éireannach

Tiarna agus mac Shéamuis de Buitléir, 9ú Iarla Urumhan agus an Bhantiarna Siún Nic Ghearailt, iníon agus banoidhre-ginearálta Shéamuis Mhic Gearailt, 10ú Iarla Deasumhan ab ea Tomás Dubh de Buitléir, 10ú Iarla Urumhan, 3ú Iarla Osraí [1] Ba é a bhí ina Tiarna Ard-Chisteoir in Éirinn agus ina phearsantacht an-iomráiteach i ndeireadh an 16ú haois.

Infotaula de personaTomás Dubh de Buitléir, 10ú hIarla Urumhan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1531
Bás22 Samhain 1614 (Iúlach)
82/83 bliana d'aois
Carraig na Siúire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaArdeaglais Naomh Cainneach Cuir in eagar ar Wikidata
Tiarna Ard-Chisteoir
Lúnasa 1559 – Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, cúirteoir, oifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaRé Túdarach
TeangachaMeán-Bhéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtSuirí Chnapach agus Éirithe Amach Dheasmhumhan
Eile
Teideal uasalIarla Urumhan Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachDe Buitléir Cuir in eagar ar Wikidata
CéileElizabeth Berkeley (1559 (Féilire Ghréagóra)–)
Elizabeth Sheffield (1582 (Féilire Ghréagóra)–)
Helen Barry (1601–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEllis Butler
 ( )
James Butler, Bíocunta Dhurlais
 ( Elizabeth Sheffield)
Elizabeth Butler, Cuntaois Dheasumhan
 ( Elizabeth Sheffield)
Piers FitzThomas Butler
 ( )
Thomas Butler
 ( Elizabeth Sheffield) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJames Butler, 9ú hIarla Urumhan  agus Siobhán Nic Gearailt, Cuntaois Urumhan
SiblínJames Butler Duiske, John Butler, Edmund Butler agus Walter Butler
Gradam a fuarthas
Armas ceathrúnach an Ridire Tomás de Buitléir, 10ú hIarla Urumhan, KG

Gníomhréim cuir in eagar

Chuir sé síneadh leis an Teach Mainéir Túdarach i gCaisleán Urumhan ar a chuid eastát i gCarraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann. Chaith sé go leor dá shaol le haighneas fíochmhar lena namhaid oidhreachta, Gearalt Mac Ghearailt, 15ú Iarla Deasumhan, mac Shéamuis Mhic Gearailt, 14ú Iarla Deasumhan. Throid an dá thaobh cath cóirithe sa bhliain 1565, Cath Áth Mheáin. Chuidigh bua an Bhuitléirigh, ní hamháin sa bhlár chatha ach freisin leis an tsaincheist pholaitiúil a láimhseáil, le hÉirí Amach Dheasumhain a spreagadh. Scrois an streachailt seo (1569–1573 agus 1579–1583) an Mhumhain le blianta fada. Protastúnach ab ea Urumhain agus chaith sé a thionchar mór ar thaobh na Banríona Eilís I agus a hairí, ina n-iarrachtaí chun na reibiliúnaithe a bhascadh, cé go raibh sé spreagtha go mór ag dianiomaíocht fhaicseanach leis an ríshliocht Deasumhanach agus le reiligiúin. [1] Bhí sé i gceannas ar Arm Ríoga na hÉireann a raibh sé de chúram air an t-éirí amach a chosc, rud a chuir sé i gcrích sa deireadh.

Eilís I cuir in eagar

Bhuail Urumhain agus Elizabeth I le chéile i Londain mar leanaí. Bhí taithí choiteann ag Thomas, “mac Iarla Éireannach”, agus Eilís, “iníon neamhdhlisteanach Anraí VIII: níor caith na huaisle óga eile sa chúirt go maith leo. Is col ceathracha iad chomh maith lena máthair, Anne Boleyn ; Ba iníon de shliocht Urumhan in Éirinn i seanmháthair athar Bholeyn, an Bhantiarna Maighréad de Buitleir. Ghlaoigh Eilís a "black husband." air. Sa bhliain 1588, bhronn an Bhanríon ar Urumhain an teideal, a rinne file cur síos air mar "áirdchéim Tidireacht Gáirtéir, ainm nár ghnáth é ar Éirionnach."

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Chisholm 1911.