Tonú

próiseas ceimiceach chun grianghraf dubh is geal a athrú chuig dath eile

Is éard is tonú[1] ann ná próiseas ceimiceach chun grianghraf dubh is geal a athrú chuig dath eile. Samplaí is ea athrú an airgid mhiotalaigh san íomhá go dtí suilfíd airgid chun ton donnrua a dhéanamh, go dtí comhdhúile iarainn chun dath gorm a bhaint amach, agus comhdhúile copair chun dath deargdhonn a fháil. Is féidir raon leathan dathanna eile a fháil tríd an íomhá airgid a thuaradh is a athréaladh le cúplóirí dathanna.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): toning” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-04-10.
  2. Hussey, Matt (2011). "Tonú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 671.