Tonnta ar scála domhanda a bhaineann leis an scairdsruth sa dá leathsféar, ainmnithe as an meitéareolaí Sualannach-Mheiriceánach C. G. Rossby (1898-1957). De thoradh rothlú an Domhain féin (a chuilitheacht), athrú fhórsa Coriolis le domhanleithead, sraontar na scairdsruthanna, a bhíonn aniar sa dá leathsféar, ó thuaidh i dtreo an Mhoil oiread ar leith, agus ansin ó dheas i dtreo an mheánchiorcail. Tarlaíonn an t-athrú treo seo sa sraonadh 3-5 bhabhta is an scairdsruth ag timpeallú an Domhain.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tonnta Rossby". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 568.