Tornádó
Cuaifeach fhíordhian dhorcha, ar chruth fóiséid, a chruthaítear le linn drochstoirm toirní, is ea tornádó[1][2] nó camanfa.[3] De bhrí go bhfuil sé lán de dheannach, galuisce is bruscar eile, tá an tornádó dorcha. Bíonn gaotha móra, tintreach is báisteach throm i gcónaí ann chomh maith le tornádó.
Meitéareolaíocht cuir in eagar
Ní fios fós go cinnte cad iad na coinníollacha is gá chun tornádó a chur ar siúl, ach tá an dealramh ar an scéal gur gá aer tirim fuar, gaotha láidre go hard san atmaisféar, agus aer tais te go híseal. Éiríonn an t-aer te, agus brostaíonn aer isteach ar mhodh guairneach, cosúil leis an uisce ag rith amach as umar folctha.
Is measa milltí ar fad tornádó ná an bhunstoirm toirní. Taobh istigh de, tá an brú níos ísle ná brú an atmaisféir mórthimpeall air. Mar sin, má ghabhtar teach le doirse is fuinneoga dúnta istigh ann, pléascann an teach. De ghnáth ní bhíonn bun an tornádó ró-leathan, idir méadar is cúpla ciliméadar, agus ní dhéantar damáiste ach do limistéar tíre dá leithead sin.
Má thrasnaíonn tornádó loch nó farraige, cruthaítear buinne uisce de bhrí go súnn an t-isliú brú an t-uisce isteach ann.
Tíreolaíocht cuir in eagar
Tarlaíonn tornádónna os cionn na Machairí Móra sna Stáit Aontaithe go rialta, go minic san earrach is tús an tsamhraidh.
Tubaistí cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tornádó” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-08-15.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “tornado — Aistriúchán Gaeilge ar tornado (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-08-15.
- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): tornado” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-08-15.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tornádó". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 672.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |