An chéad sreabhadh fola míostraithe sa bhean, a tharlaíonn i rith an chaithreachais, ag 10-15 bliain d'aois, ag brath ar staid ghéiniteach, cothaithe is mhothúchánach na mná óige. Comhartha ar theacht na haibíochta atáirgthe, ach ní chiallaíonn sé go bhfuil torthúlacht iomlán sroichte. Moillítear an staid sin go mbunaítear patrún fásta thál na hormón pitiútach is gónadach, go mbíonn an timthriall míosta rialta, agus go dtarlaíonn ubhsceitheadh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tosach míostraithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 672.