Slí bheatha feirmeoireachta ar sainiúil di tógáil tréada ainmhithe, cosúil le heallach, caoirigh, camaill, réinfhianna, gabhar nó lámaí. Coitianta go leor in aeráidí tirime sléibhtiúla, nó aeráidí an-fhuara nach bhfuil oiriúnach le haghaidh talmhaíochta. Tá grúpaí ann a dhéanann an dá shaghas feirmeoireachta. Is daoine fáin cuid mhaith de na treibheanna tréadacha, a thaistealaíonn chun talamh mhaith féaraigh a aimsiú. Agus iad ag taisteal úsáideann siad ainmhithe chun earraí a iompar. D'éirigh cuid acu ina dtrádálaithe fadtriallacha tábhachtacha. Le linn tréimhse an choilíneachais, cuireadh bac suntasach ar imirce na ndaoine tréadacha i dtíortha áirithe. Uaireanta leathnaigh talmhaíocht isteach ar chimíneacht na tréadaíochta (mar a tharla in Uganda is réigiún na Másaíoch in oirthear na hAfraice) agus d'fhulaing na tréadaithe gortaí marfacha, is fulaingíonn fós.[1]

WD Bosca Sonraí GairmTréadaíocht
Cineál fostaíochta
talmhaíocht leorchothaitheach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tréadaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 675.