Airí maighnéadach ábhar. Cóimheas an fhloscdhlúis mhaighnéadaigh, B, san ábhar agus neart an réimse mhaighnéadaigh, H, a cuireadh i bhfeidhm air. Úsáidtear an tsiombail μ di, agus is é a haonad ná hanraí in aghaidh an mhéadair (H m-1). Mar sin, B = μ H. Tréscaoilteacht folúis, μ0 = 4 π × 10-7 H m-1, tairiseach bunúsach a thagann san áireamh an t-am ar fad sa mhaighnéadas. In ábhair pharamaighnéadacha, μ > μ0 agus an floscdhlús níos mó ná i bhfolús. In ábhair fhearómaighnéadacha, μ > > μ0 agus an floscdhlús i bhfad níos mó ná i bhfolús. In ábhair dhiamaighnéadacha, μ < μ0 agus an floscdhlús níos lú ná folús. Tá gaol bunúsach idir tréscaoilteacht mhaighnéadach folúis, μ0, agus ceadaíocht leictreach folúis, ε0, mar seo: 1/c2 = μ0 ε0 (is é c luas tairiseach forleata solais i bhfolús).[1]

Bosca Sonraí Méid FisiciúilTréscaoilteacht
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tréscaoilteacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 676.