Artrapód bunúsach muirí atá imithe in éag is a fhaightear iontaisithe. Bíonn 3 eitre shainiúil ar feadh a cholainne a thugann an cruth tríliopach dó. Faightear an iliomad saghas go forleathan ón tréimhse Chaimbriach (600 milliún bliain ó shin) síos go dtí an tréimhse Pheirmeach (timpeall 230 milliún bliain ó shin). Fad mion suas go dtí 1 m acu. D'áitrigh sí grinneall na farraige den chuid is mó, ach ba phlanctóin iad ar snámh san uisce cuid acu.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoTríliopaít
Trilobita Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Modh gluaiseachtarolladh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamArthropoda
FofhíleamTrilobitomorpha
AicmeTrilobita Cuir in eagar ar Wikidata
Walch, 1771

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Tríliopaít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 678.