Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii

Leabhar a scríobhadh san dara chéad déag idir 1179-1190 i Laidin is ea Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii. Scríobhadh é ag manach anaithnid i gCambridgeshire, Sasana, a shínigh é féin mar "H" amháin, chun a h'umhaltacht a thaispeáint. Níos déanaí glaoitear Anraí ó Sawtry air. Aistríodh go neart teangacha eile é agus d'ob é an leabhar ar a bhí an tór is mó sna céadta bliain dár gcionn.

WD Bosca Sonraí LeabharTractatus de Purgatorio Sancti Patricii

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarHenry of Saltrey (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaLaidin na meánaoise Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán12 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánralitríocht taistil Cuir in eagar ar Wikidata

An Scéal cuir in eagar

Thaistil ridire gaelach den ainm Owein go dtí Purgadóir Naoimh Phádraig le maithiúnas a fháil ar a chuid peacaí trom. Chuireadh comhairle air bheith ina mhanach agus neart rudaí eile a dhéanamh seachas leanacht air, le maithiúnas a fháil ach dár leis, bhí a chuid peacái chomh trom sin nach raibh aon dul as ach Purgadóir Naoimh Phádraig a dhéanamh. Rinne sé amhlaidh agus instear dúinn faoin gciapadh ar fhulaing sé. I ndeireadh na dála d'fhill sé agus maithiúnas faighte aige. As seo is ea a d'fhás an nós thart faoi Éirinn agus níos faide i gcéin oilirtheacht a thabhairt ar Loch Dearg.

Tagairtí cuir in eagar

  • Easting, Robert: The Date and Dedication of the Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii. Ó: Speculum, Jahrgang 53, Heft 4/10/1978, L. 778–783.
  • Zaleski, Carol G.: St. Patrick's Purgatory: Pilgrimage Motifs in a Medieval Otherworld Vision. Ó: Journal of the History of Ideas, Jahrgang 46, Heft 4, 1985, L. 467–485.
  • Le Goff, Jacques: Die Geburt des Fegefeuers: Vom Wandel des Weltbildes im Mittelalter. Klett-Cotta im Deutschen Taschenbuch Verlag, München 1990, ISBN 3-608-93008-6.