Feiste é trasduchtóir chun cineál amháin fuinnimh a athrú ina chineál eile. Is gnách gurb é rud a bhíonn i gceist: cineál ar leith fuinnimh a athrú ina fhuinneamh leictreach. An micreafón, cuir i gcás, déanann sé fuinneamh meicniúil fuaime a athrú ina fhuinneamh leictreach. Teirmiméadar leictreach abair - is é rud a dhéanann sé: an teocht a athrú ina comhartha leictreach. 'Trasduchtóir brathadóra' is gnách a thabhairt ar thrasduchtóir a dhéanann comhartha leictreach, voltassruth, agus é sin i gcomhréir le hairí éigin ar chineál eile fuinnimh - cuir i gcás, díláithriú, brú, luasghéarú, bogthaise, teocht, nó a leithéid.