Is é trasghalú galgás a imeacht trí scannán tréscaoilteach nó trí phóireanna. Chomh fada le hocsaigin, le dé-ocsaíd charbóin, agus le gal uisce de, déanann siad seo trasghalú isteach is amach i nduilleoga na bplandaí, mar shampla. Is trí na stomata a dhéanann siad é sin. Is póireanna iad na stomata, agus is é an áit is mó a mbíonn siad: ar bhun na nduilleog. Ní mar a chéile an oscailt sa phóir ó phlanda go planda. Cealla ar leith taobh leis an stomata, is iad a dhéanann méid na hoscailte sin a rialú.