Feiste a chinneann an treo a bhfuil comhartha raidió ag teacht isteach chuici, ar féidir a úsáid chun loingseoireachta (mar shampla, an compás raidió ar long is eitleán). Rothlaíonn aeróg lúibe go nglactar an comhartha is treise, agus tugann sé sin treo tarchurtha an chomhartha sin. Déantar an rud céanna ó ionad eile, agus ón dá líne a fhaigheann an loingseoir is féidir leis suíomh an stáisiún tarchuir a chinneadh. Is féidir ionad an ghlacóra a aimsiú ó chomharthaí a ghlacadh ó dhá stáisiún fhosaithe tarchuir agus an dá threo sin a chinneadh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Treo-aimsitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 676.