Tromsø

bardasacht san Iorua

Cathair i dTuaisceart na hIorua é Tromsø (IPA: ˈtrʊmsø, Fionlainnis: Tromssa, Laplainnis: Romsa), agus is é príomhchathair an chúige úd Troms fylke é. Ar an 1 Eanáir 2010 bhí 67,230 duine ina gcónaí sa chathair agus sa limistéar a bhaineann léi.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTromsø
Tromsø kommune (nb)
Tromsø kommune (nn)
Romssa suohkan (se) Cuir in eagar ar Wikidata

Tromsø Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 69°36′N 19°00′E / 69.6°N 19°E / 69.6; 19
Stát ceannasachan Iorua
County of Norway (en) AistrighTroms Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairTromsø Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán77,992 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús30.93 hab./km²
Líon na dteaghlach37,191 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla2,521.27 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde20 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeJiehkkevárri (en) Aistrigh (1,834 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú13 haois
Eachtra thábhachtach
boundary change (en) Aistrigh (1 Eanáir 1861)
boundary change (en) Aistrigh (1 Iúil 1915)
boundary change (en) Aistrigh (1 Iúil 1955)
boundary change (en) Aistrigh (1 Eanáir 1873)
boundary change (en) Aistrigh (1 Eanáir 2008)
boundary change (en) Aistrigh (1 Eanáir 1964) Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Tromsø Cuir in eagar ar WikidataGunnar Wilhelmsen (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáintromso.kommune.no Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: tromsokommune Cuir in eagar ar Wikidata

Téann an t-áitreabh daonna san áit naoi míle bliain siar, ach maidir leis an gcathair atá ann inniu, d'fhorbair sí timpeall na heaglaise a tógadh ansin sa bhliain 1252. Is é an t-ainm a baisteadh ar an eaglais ná Santa Maria iuxta paganos, nó Eaglais Mhuire in aice leis na Págánaigh. Tógadh balla mór cosanta timpeall na heaglaise le hionsaithe na Laplannach is na bhFionlannach a stopadh, agus iarsmaí den bhalla fágtha le feiceáil i gcónaí.

Sa bhliain 1794 bronnadh pribhléidí cathartha ar an áit, ach san am sin féin ní raibh ann dáiríribh ach sráidbhaile beag. Sa naoú haois déag, áfach, bunaíodh monarchana agus tháinig borradh faoi shaol eacnamaíochta an cheantair. Tógadh an chéad mheánscoil sa bhliain 1848, agus sa bhliain chéanna cuireadh longcheárta ar bun i dTromsø.

I ndeireadh na naoú haoise déag, bhí an chathair iompaithe ina lárionad tábhachtach trádála, agus maidir leis na taiscéalaithe a thug cuairt ar an bPol Thuaidh, ba í an chathair seo an bhunáit as ar thug siad aghaidh ar an gceann scríbe. Ina measc sin bhí Umberto Nobile, Roald Amundsen, agus Fridtjof Nansen.