Tuama Dingeach Mhaoil Laoisigh

Is tuama dingeach áiléir agus Séadchomhartha Náisiúnta é Tuama Dingeach Mhaoil Laoisigh, ar a dtugtar Leaba na Saidhe freisin, atá suite i gContae Chill Mhantáin, Éire.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Tuama Dingeach Mhaoil Laoisigh
Íomhá
Sonraí
CineálTuama dingeach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chill Mhantáin, Éire
Map
 52°45′05″N 6°37′20″W / 52.75134°N 6.622158°W / 52.75134; -6.622158

Suíomh cuir in eagar

Tá Tuama Dingeach Mhaoil Laoisigh suite ar an taobh ó thuaidh de Chnoc Mhaoil Laoisigh, 6.1 km (3.8 mhíle) siar ó Síol Éalaigh.[2]

Stair cuir in eagar

Tógadh Tuama Dingeach Mhaoil Laoisigh c. 2300–1000 R.Ch. i rith na Coparaoisena Cré-umhaois. Tagann an seanainm "Labbanasighe" ón nGaeilge leaba na saidhe, a chiallaíonn "Leaba na Soithe" (madra baineann). D'fhéadfadh sé freisin go dtagann an t-ainm ó "Leaba na Saigheada / Seafta", bunaithe ar fhianaise ó thochailtí seandálaíochta a rinneadh ar an suíomh. Míníonn béaloideas áitiúil i nDroichead na Páirce bunús an ainm ar dhóigh dhifriúil - sa cheantar áitiúil fuaimnítear an t-ainm mar "Lob-na-Sy (Síthe)" a deirtear a chiallaíonn "Leaba na Sióga". Rinne Gearóid Ó h-Iceadha tochailt ar an láthair sa bhliain 1937 agus thángthas ar photaireacht, roinnt cnámh créamtha agus dhá dhiosca cloiche. Fuarthas freisin dhá chomhla de mhúnla gaineamhchloiche do cheann sleá.[3][4]

Cur síos cuir in eagar

Carn dronuilleogach 13 m × 10 m a bhfuil gailearaí 7.5 m ar fad ailínithe ó thuaidh go dtí an taobh thoir ab ea an tuama. Tá an gailearaí comhdhéanta de réamhshamhail bheag atá scartha le leac íseal ón bpríomhsheomra 6 m ar fad a leathnaíonn i dtreo an oirdheisceart. Tá leac dín aonair easáitithe sa ghailearaí.[5][6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Disturbing the Bed of the Bitch” (1 May 2014).
  2. Moylisha : Wedge Tomb”. megalithomania.com.
  3. Flanagan (29 October 1998). “Ancient Ireland: Life Before the Celts”. Gill & Macmillan Ltd.
  4. Wedge Tombs - West Wicklow Bookshelf”.
  5. Pip. “MOYLISHA WEDGE TOMB/MEGALITHIC MONUMENTS OF IRELAND.COM”.
  6. Wicklow Pre-history”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 April 2016. Dáta rochtana: 11 August 2016.