Nós damhsa Meiriceánach é twerking (/ˈtwɜrkɪŋ/), damhsa ina bhfuil duine ag rince i stíl ghnéasach le gluaiseacht na cromán, agus sé nó sí cromtha go híseal. Cé nach bhfuil a fhios ag éinne cárbh as a tháinig an focal seo, deirtear go coitianta go bhfuil aicearra ar an bhfocal Béarla “footwork” ann, agus portmanta ar na focail “twist” agus “jerk” i gceist. Áfach, tá fianaise ann ó agallaimh gur tháinig an frása ó sráideanna New Orleans nuair a thosaigh an stíl rapcheol darbh ainm “Bounce”. Bhí baint idir ceol “Bounce” agus twerking ó na 1990í i leith, agus scaipeadh í trí mheán fhíseanna rapcheoil agus suíomhanna físeáin ar líne ó lár na 2000í. Tá sé scríofa as Gaeilge (go neamhoifigiúil) mar twerkeáiltwerkáil uaireanta.

Bean ag twerkeáil ag féile ceoil
Fear ag twerkeáil