Txillardegi

scríbhneoir agus polaiteoir Bascach (1929–2012)

Teangeolaí, polaiteoir, agus scríbhneoir Bascach ab ea José Luis Álvarez Enparantza (27 Meán Fómhair 192914 Eanáir 2012), nó Txillardegi, mar ab fhearr aithne air. Bhí tionchar mór aige ar náisiúnachas agus ar chultúr na mBascach sa dara leath den 20ú haois.

Infotaula de personaTxillardegi

(2008) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(eu) Jose Luis Alvarez Enparantza
Beathaisnéis
Breith(es) José Luis Álvarez Emparanza
27 Meán Fómhair 1929
Donostia, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Eanáir 2012
82 bliana d'aois
Donostia, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Thír na mBascach
Ingeniaritza Goi Eskola Teknikoa (Bilbo) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Donostia Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmteangeolaí, sochtheangeolaí, polaiteoir, scríbhneoir, ollamh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Thír na mBascach
Ollscoil Deusto
Bordeaux Montaigne University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Sóisialach Bascach
Herri Batasuna
Páirtí Aralar Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
Ainm cleiteTxillardegi Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Bhascais, an Spáinnis agus an Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileJone Forcada Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJoseba Álvarez, Maddi Alvarez, Jon Alvarez Forcada, Mikel Alvarez Forcada Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Saol cuir in eagar

 
1999

Saolaíodh Txillardegi i Donostia, cúige Gipuzkoa, Ach níor fhoghlaim sé an Bhascais go dtí go raibh 17 mbliana déag d'aois slánaithe aige.

Rinne Álvarez Enparantza (nó Emparanza, mar a chuirtí Spáinnis ar shloinneadh a mháthar ar uairibh) staidéar ar an innealtóireacht i mBilbao, agus ar an teangeolaíocht i bPáras.

Sa bhliain 1957, rinneadh "ball comhfhreagrais" den Euskaltzaindia (Academia de la Lengua Vasca, Acadamh na Bascaise) de. Cuireadh tús le caighdeánú na Bascaise ag an am sin agus bhí ról an-tábhachtach ag Txillardegi san obair sin. Ghlac an tAcadamh le formhór a chuid mholtaí maidir leis an ortagrafaíocht agus leis an morfeolaíocht do chaighdeán na Bascaise.

Sa bhliain 1993, rinneadh ball de Choimisiún na Foghraíochta de chuid an Acadaimh de. Moladh dhá uair é mar bhall iomlán d'Euskaltzaindia, ach diúltaíodh dó ar chúiseanna polaitiúla. Nuair a bhí sé le moladh don tríú huair, dhiúltaigh sé féin don mholadh.

Bhí an fhealsúnacht a bhí aige bunaithe ar na pointí seo leanas:

  • má tá mionteangacha le maireachtaint sa saol nua-aimseartha, caithfidh siad a bheith ábalta deighleáil leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht;
  • gur cuid ríthábhachtach den obair chun an teanga a nua-aimsearú is ea caighdeán a fhorbairt don teanga;
  • gur féidir aon ábhar a phlé as aon teanga i slí a thuigfí, ach "am, iarracht, agus intleacht" a chur chuige;
  • agus gurb é an phríomh-ghné, i measc gnéithe eile, a fhágfadh gur Bascach é aon duine ar leith (nó an tír féin) ná cumas sa Bhascais.

Scríbhneoireacht cuir in eagar

Scríbhneoir aitheanta ab ea é chomh maith, agus d'úsáideadh sé na hainmneacha cleite Larresoro, Igara agus Usako. Is mó leabhar dá chuid atá foilsithe, don chuid is mó faoin mBascais agus faoi ghramadach na teangan. Tá úrscéalta agus aistí polaitiúla scríte chomh maith aige. Deirtear i leith a shaothair Leturiaren egunkari ezkutua (1957) gurb é an chéad úrscéal nua-aimseartha a scríobhadh as Bascais, agus is líne shoiléir é a dheineann dhá leath de litríocht na Bascaise.

I measc na nithe eile a scríobh sé tá na húrscéalta Haizeaz bestaldetik (1979) agus Putzu (1999); na haistí clúiteacha Huntaz eta hartaz (1965), Hizkuntza eta pentsakera (1972) agus Euskal Herria helburu (1994), agus na leabhair acadúla Euskal fonologia (1980), Euskal azentuaz (1984) agus Elebidun gizartearen azterketa matematikoa (1984).

 
Txillardegi sa bhliain 2011

Sa bhliain 1968 bhuaigh sé duais Txomin Agirre as an úrscéal Elsa Scheelen. Bhuaigh sé duais Andima i gCaracas sa bhliain 1969 chomh maith, as leabhair ar mhúineadh na matamaitice. Bhuaigh sé an Silver Lauburu as an leabhar Euskal Gramatika i mBilbao sa bhliain 1980.

Sna 1970idí, bhí Txillardegi ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Euskal Herrian Euskaraz, gluaiseacht na Bascaise. Sa bhliain 1982 thosnaigh sé ag léachtóireacht i nOllscoil Thír na mBascach; rinneadh ollamh emeritus de chuid na hOllscoile sin de ina dhiaidh sin.

I mbunachar Inguma, comhphobal eolaíoch agus intleachtúil na mBascach, tá tagairtí d'oiread le 122 earraí (nuachtáin, leabhair, léachtaí, srl) a chruthaigh Txillardegi.

 
Literaktum 2013 LTKM kartela

Gníomartha polaitiúla cuir in eagar

Ball de Pháirtí Náisiúnach nam Bascach (PNV) ab ea é nuair a bhí sé óg; bhí sé go gníomhach ar son chosaint agus staidéar na Bascaise mar bhunús féiniúlacht na mBascach.

Tháinig díomá air leis an PNV, agus ina dhiaidh sin, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí ETA sa bhliain 1959, mar aon le grúpa de náisiúnaithe óga, agus bhí sé le haithint mar cheann bhrainse chultúrtha na gluaiseachta. Sa bhliain 1961 theith sé ar a choimeád agus mhair sé i bPáras agus sa Bhruiséil; d'fhill sé sa bhliain 1967.

Sa bhliain 1976, i bpáirt le Iñaki Aldekoa, bhunaigh sé páirtí polaitiúil, Euskal Sozialista Biltzarrea (ESB: Congreso de Socialistas Vascos, Chomhdháil Shóisialacha na mBascach). Ghlac Txillardegi páirt i mbunú Herri Batasuna sa bhliain 1977, agus toghadh ina sheanadóir é i gcomhghuaillíocht abertzale sa chéad toghchán.

Ó tháinig sé ar an tuiscint nach raibh éifeacht chóir leis an gcoimhlint armtha, bhí sé gníomhach tamall i nAralar, agus ina dhiaidh sin chuir sé faid idir é féin agus an choimhlint armtha nuair a ghlac an pháirtí páirt i ngníomh páirtíochta leo siúd a fhulaing an foréigean ó ETA, ócáid a eagraigh rialtas Thír na mBascach.

 
Txillardegi sorkuntza

Sheasamh sé i dtoghcháin na gcathrach mar chuid den chomhghuaillíocht Ezker Batua Berdeak (Izquiera Unida - Verdes, An Eite Chlé Aontaithe - na Glasaigh). Sa toghchán ginearálta sa bhliain 2008, d'fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir don Seanad don pháirtí Eusko Abertzale Ekintza (Acción Nacionalista Vasca, Gníomh Náisiúnach na mBascach) do cheantar Guipúzcoa.

Leabhair cuir in eagar

  • Aizpuru, Alaitz 2012: "Existentzialismoaren hastapenak Euskal Herrian: Leturiaren egunkari ezkutua" in Alaitz Aizpuru(koord.), Euskal Herriko pentsamenduaren gida, Bilbo, UEU. ISBN 978-84-8438-435-9
  • Azurmendi, Joxe 1999: Txillardegiren saioa: hastapenen bila, Jakin, 114: 17-45.
  • Azurmendi, Joxe 2000: "Kierkeggard-en <<egunkari ezkutua>>" in Txipi Ormaetxea (arg.), Txillardegi lagun giroan, Bilbo: UEU ISBN 84-8438-007-6
  • Hegats. Literatur aldizkaria. 49. ISSN 1130-2445
  • Olaziregi, Mari Jose 2012. Basque Literary History, Reno, Center for Basque Studies/University of Nevada ISBN 978-1-935709-19-0
  • Sudupe, Pako 2011: 50eko hamarkadako euskal literatura I: hizkuntza eta ideologia, Donostia, Utriusque Vasconiae. ISBN 978-84-938329-4-0
  • Sudupe, Pako 2011: 50eko hamarkadako euskal literatura II: kazetaritza eta siakera, Donostia, Utriusque Vasconiae. ISBN 978-84-938329-5-7
  • Sudupe, Pako 2012: "Ideologia eztabaidak 50eko hamarkadan" in Alaitz Aizpuru (koord.), Euskal Herriko pentsamenduaren gida, Bilbo, UEU. ISBN 978-84-8438-435-9
  • Sudupe, Pako 2016: Txillardegiren borroka abertzalea, Donostia: Elkar ISBN 978-84-9027-544-3
  • Torrealdai, Joan Mari 2014: Batasunaren bidea urratzen. Txillardegiren eragintza praktikoa, Jakin, 204:11-96.

Tagairtí cuir in eagar