Ollscoil na Gaillimhe
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cuireadh Ollscoil na Gaillimhe ar bun ar dtús sa bhliain 1845. Is cuid d'ollscoil chomhnasctha OÉ an ollscoil, maille le coláistí i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh. Is é An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh uachtarán na hollscoile faoi láthair. Tá an ollscoil rangaithe san 1% de ollscoileanna is fearr ar fud an domhain.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | ollscoil |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1845 |
Gníomhaíocht | |
Ball de | Coimbra Group (en) ORCID Cumann Eorpach na nOllscoileanna Coalition for Advancing Research Assessment (en) |
Líon scoláirí | 18,000 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Duine ábhartha | Stefan Decker (2003–2015) |
Líon fostaithe | 2,500 (2019) |
Máthaireagraíocht | Ollscoil na hÉireann |
Fochomhlacht | |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 218 M€ (2015) |
Suíomh gréasáin | universityofgalway.ie |
Tugann lámhleabhair na hollscoile foirfiú na Gaeilge mar cheann de phríomhchuspóirí na hollscoile. ´Sna hochtóidí, bhí aighneas ar siúl ag mic léinn áirithe, mar nach raibh cúrsaí áirithe tíreolaíochta le fáil ach trí mheán na Gaeilge, cé nach raibh ach fíorbheagán de chúrsaí eile le fáil as Gaeilge.
Tá an ollscoil suite gar do lár cathrach na Gaillimhe, agus mar go raibh a tailte ag leanúint ó thuaidh cois abhainn, bhí deis ag an ollscoil an-chuid tógála a dhéanamh in achar siúil cos don sean "quad".
Tá dámhanna dlí, leighis, ealaíona, innealtóireachta, eolaíochta, agus léinn Cheiltigh ann, chomh maith le muireolaíocht.[fíoras?]
Stair na hOllscoile
cuir in eagarD'oscail an ollscoil i 1849 faoin ainm 'Coláiste na Banríona, Gaillimh' mar cheann de thrí Choláiste na Banríona, maraon le Corcaigh agus Béal Feirste. De réir achta sa bhliain 1908, athainmníodh mar Coláiste na hOllscoile, Gaillimh í, agus í le bheith mar chuid de hOllscoil na hÉireann in éineacht le Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. I 199i, athróidh a hainm go Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus d'athraigh a hainm arís i 2022, nuair a thugadh Ollscoil na Gaillimhe uirthi. Tá fás mór ar an ollscoil le blianta beaga anuas, agus tá os cionn 17,000 mic léinn anois ag freastal uirthi.
Saol na hOllscoile
cuir in eagarIs ceann de na cumainn is mó agus is sine é an Cumann Staire Curtha i gcartlann 2022-01-12 ar an Wayback Machine. Eagraíonn an Cumann Staire ceann de na himeachtaí bliantúla is mó san ollscoil, an en:Arts Bál, a bhíonn ar siúl gach Feabhra. Freastalaíonn thart ar 1300 daoine ar an mbál. Eagraíonn an Cumann Staire an chomhdháil staire idirnáisiúnta bhliantúil Aistir freisin.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Ollscoil na hÉireann Gaillimh
- Cumann Staire Curtha i gcartlann 2022-01-12 ar an Wayback Machine
- Aistir[nasc briste](cartlann)
- Iris léanta na mac léinn iarchéime: Léann Teanga: An Reiviú
- Nuachtán na mac léinn: SIN
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |