Uimhir aitheantais phearsanta

Uimhir atá uathúil d'úsáideoir córas ríomhaireachta, dáilte air chun gur féidir leis a aitheantas a dhaingniú roimh chead a fháil an córas a úsáid. Is é UAP an gnáthgiorrúchán air i nGaeilge, PIN i mBéarla. Baintear feidhm as a leithéid i gcórais baincéireachta nua-aoiseacha inar féidir le húsáideoir airgead a aistarraingt ó uathmheaisíní bainc nuair a chuireann sé a chárta bainc is a PIN isteach ann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Uimhir aitheantais phearsanta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 687.