Is í Valladolid de facto príomhchathair chomhphobail féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn agus í mar phríomhchathair chúige Valladolid chomh maith. Tá sí súite ar abhainn an Pisuerga agus taobh istigh den réigiún Ribera del Duero, sa agus mar chuid de réigiúin stairiúil an Chaistíl. Bhí thart ar 521,130 ina gcónaí ann sa bhliain 2017, sé sin an 13ú bardas is mó sa Spáinn agus an chathair is mó in iarthuaisceart na tíre.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilValladolid
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Aintiún| Himno a Valladolid

Suíomh
Map
 41°39′07″N 4°43′43″W / 41.651981°N 4.728561°W / 41.651981; -4.728561
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneCastilla y León
Cúigí na Spáinnecúige Valladolid Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairCathair Valladolid Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán297,459 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,503 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla197,910,000 m² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Pisuerga Cuir in eagar ar Wikidata
Airde698 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1072
ÉarlamhPeter de Regalado (en) Aistrigh agus Virgin of San Lorenzo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Valladolid Cuir in eagar ar WikidataJesús Julio Carnero (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist47001–47016 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód983 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh47186 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvalladolid.es Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíochta cuir in eagar

Deirtear go dtáinig ainm na háite ón Laidin : VALLIS, "Gleann"; agus an focal Ceilteach: TOLITUM, "suíomh le buaile dhá abhainn". Tá ceangailt ag a ainm leis an easainm Araibise reatha don chathair بلد الوليد a ciallaíonn An Cathair de Walid.

Glaotar Pucela uirthi freisin, leasainm, nach bhfuiltear cinnte cá as a tháinig sé, ach b'fhéidir go bhfuil sé ceangailte leis na ridirí a chuaigh le "Juana de Arco".

Stair cuir in eagar

Ghabh na Muraigh an ait sa 10ú haois. D'fheabhsaigh an cunta Pedro Ansúrez an sráidbhaile sa 11ú haois; sa 15ú haois bhí sé mar ait chónaithe do ríthe Castilla agus mar phríomhchathair Ríocht na Spáinne go dtí 1561, nuair a bhog Pilib II an phríomhchathair go Maidrid. Pósadh Na Monarcaí Caitliceacha iad ar an 19 Deireadh Fómhair, 1469, i Valladolid. D'aontaigh an pósadh an choróin na Caistíle agus na hAragóine faoin dteaghlach chéanna. Fuair Criostóir Colambas bás i Valladolid sa bhliain 1506 i dteach a bhfuil mar iarsmalann dó. Rinne Pilib III príomhchathair arís di, idir 1601 agus 1606. Adhlacadh Aodh Rua Ó Dónaill sa bhliain 1602 i Mainistir na bProinsiasach sa bPlaza Mayor[1][2], mar a thuairiscítear sa Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, le Lughaidh Ó Cléirigh, áit a bhfuil Valladolid litrithe mar Uualladolid i nGaeilge[3]

I measc Séadchomharthaí an chathair tá, an ardeaglais neamhchríochnaithe, Eaglais Santa Maria la Antigua, an Plaza Mayor (rinneadh cóip den chearnóg seo i Maidrid agus áiteanna eile ar fud an domhain Spáinnigh), an Iarsmalann Dealbhóireachta Náisiúnta, in aice le hEaglais Naomh Pól, ait a raibh an cnuasach ba mhó de dhealbha adhmaid polacrómataigh sa Spáinn, agus dámh dlí d'Ollscoil Valladolid, tá aghaidh an Ollscoil seo ar cheann de na oibreacha Narciso Tomei a bhfuil fágtha. Tá an iarsmalann Eolaíochta in aice abhainn na Pisuerga. Tá an t-aon teach de Miguel de Cervantes a bhfuil fós ag seasamh suite i Valladolid fosta. Cé nach bhfuil an ardeaglais críochnaithe, bhí ardeaglais Valladolid deartha ag Juan de Herrera, a bhí mar ailtire do El Escorial.

Tagairtí cuir in eagar