Scríbhneoir agus comhfhreagraí cogaidh Sóivéadach de phór Ghiúdach a bhí i Vasiliy Semyonovich Grossman (Rúisis: Василий Семёнович Гроссман, Úcráinis: Василь Семенович Гроссман, Vasyl' Semenovych Hrossman).

Infotaula de personaVasiliy Grossman

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Василий Семёнович Гроссман
Beathaisnéis
Breith(ru) Иосиф Соломонович Гроссман
29 Samhain 1905 (Iúlach)
Berdychiv (Impireacht na Rúise)
Bás14 Meán Fómhair 1964
58 bliana d'aois
Moscó (An tAontas Sóivéadach)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Áit adhlacthaTroyekurovskoye cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Moscó Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcomhfhreagraí cogaidh, úrscéalaí, scríbhneoir próis, scríbhneoir, iriseoir, innealtóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1928 –
Ball de
TeangachaAn Rúisis agus an Úcráinis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda)
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteYekaterina Vasilyevna Korotkova Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0343728 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh in Berdychiv (Rúisis: Berdichev, Polainnis: Berdyczów) san Úcráin é, agus bhain sé amach dintiúir an innealtóra. Chaith sé tamall ag obair ina innealtóir i gCrioslach Tionsclaíoch Donbass in Oirthear na hÚcráine. Ach sna 1930idí, chuaigh sé le scríbhneoireacht.

Nuair a phléasc an cogadh amach idir an Ghearmáin Naitsíoch agus an tAontas Sóivéadach, thosaigh sé ag obair ina chomhfhreagraí cogaidh do Krasnaya Zvezda (Красная Звезда nó "An Réalta Dhearg"), nuachtán na bhfórsaí armtha.

Thug sé tuairiscí ar chath Stalingrad, ar chosaint Mhoscó, ar chath Kursk agus ar an dóigh ar ghabh na fórsaí Sóivéadacha Beirlín i ndeireadh an chogaidh. Chonaic sé campa báis Treblinka le súile a chinn féin nuair a ghabh na trúpaí Sóivéadacha an áit, agus scríobh sé ailt faoin gcampa agus faoin drochíde a bhí tugtha do na príosúnaigh.

I ndiaidh an chogaidh, baineadh geit mhór as Grossman nuair a thosaigh Stailín ag baint leasa as an bhfrith-Ghiúdachas ina chuid bolscaireachta. Ní raibh Grossman chomh dóchasach as an gCumannachas ná as an stát Sóivéadach a thuilleadh. Níor caitheadh i dtóin phríosúin é. Ach nuair a rinne sé iarracht an dá úrscéal a scríobh sé i ndiaidh an chogaidh a fhoilsiú - Zhizn' i Sud'ba (Жизнь и Судьба nó "An Saol agus an Chinniúint") agus Vsyo techot (Всё течёт nó "Tá gach rud ag sní") - choigistigh na húdaráis státslándála iad.[1] Fuair Grossman le cloisteáil nach bhféadfaí iad a chur i gcló sa Rúis ach i gceann dhá chéad bliain.

Foilsíodh an dá leabhar sin san Aontas Sóivéadach faoi dheireadh sa bhliain 1988.

15/11//2005 Moscó

Saol cuir in eagar

Tús a Shaoil cuir in eagar

Nuair a saolaíodh Grossman, is é an t-ainm a bronnadh air ná Iosif Solomonovich Grossman. Giúdaigh ab ea a mhuintir, ach ní raibh siad ina gcónaí sa gheiteo, ná ag tabhairt mórán airde ar rialacha an reiligiúin Ghiúdaigh. Cailín aimsire Rúiseach a bhí ag tabhairt aire don bhuachaill, thugadh sí Vassya (in áit Iossya) air, agus ghlac an teaghlach go léir leis an úsáid - sa deireadh, d'athraigh Iosif a ainm go dlíthiúil ó Iosif go Vasiliy, a bhí ní ba chosúla leis an leasainm seo. Bhí athair Iosif/Vasili ina bhall de Pháirtí Shóisialta Dhaonlathach na Rúise, agus nuair a chuaigh scoilt ar an bpáirtí, ghlac sé seasamh na Meinséiveach (iad siúd nár lean Léinín ná lucht a leanúna, is é sin, na Boilséivigh, i ndiaidh Dara Comhdháil an Pháirtí sa bhliain 1903). Nuair a phléasc an réabhlóid amach sa Rúis sa bhliain 1917, thacaigh Vasiliy léi, mar ba dual d'fhear óg idéalach.

An tInnealtóir agus an Scríbhneoir cuir in eagar

Thosaigh Vasiliy ag scríbhneoireacht nuair a bhí sé ar scoil, agus cé gur bhain sé amach céim an innealtóra, níor éirigh sé as an gcaitheamh aimsire seo. Thaitin ceann dá chuid gearrscéalta luatha, В городе Бердичеве/V gorode Berdicheve ("I gcathair Berdychiv") le Maksim Gorkiy agus le Mikhail Bulgakov, agus spreag siad chun pinn é. Sa bhliain 1967, rinne an stiúrthóir Aleksandr Askoldov an scannán úd Комиссар/Komissar ("An Coimeasár") a bhí bunaithe ar imeachtaí an ghearrscéil seo, ach níor ceadaíodh an scannán seo a chur os comhair lucht féachana ach i mblianta deireanacha an Aontais Shóivéadaigh.

Timpeall ar lár na dtríochaidí, d'éirigh Grossman as an innealtóireacht le dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha. Sa bhliain 1936 bhí dhá dhíolaim gearrscéalta leis i gcló, agus sa chéad bhliain eile bhí sé ina bhall de chumann scríbhneoirí an Aontais Shóivéadaigh. Le linn an Phurgaithe Mhóir faoi dheireadh na dtríochaidí gabhadh cuid mhór de lucht a ghaoil is a aitheantais, ina measc siúd a bhean chéile faoin dlí coiteann. Chaith sé leathbhliain ag impí ar na húdaráis státslándála í a scaoileadh saor, agus sa deireadh thiar thall fuair sé a achainí.

An Comhfhreagraí Cogaidh cuir in eagar

Nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, ní raibh seans ag a mháthair Berdychiv a fhágáil in am, agus mar sin, maraíodh í in éineacht le 20,000 go 30,000 Giúdach eile ansin, mar chuid den Uileloscadh. Bhí Grossman díolmhaithe ón bhfiannas, ach mar sin féin, chuaigh sé sna saighdiúirí go saorthoilteanach. Chaith sé breis is míle lá ag an gcathéadan. Fuair sé post mar chomhfhreagraí cogaidh do Krasnaya Zvezda, "An Réalta Dhearg", arb é nuachtán an Airm Dheirg é. Ina chomhfhreagraí dó scríobh sé ailt iriseoireachta faoi na cathanna i Moscó, Stalingrad, Kursk, agus i mBeirlín féin. San am chéanna, scríobh sé úrscéalta cogaidh, ar nós Народ бессмертен/Narod bessmerten ("Ní bhfaighidh an tír bás") agus За правое дело/Za pravoye delo ("Ar Son na Cúise Cirte"). Chuaigh a chuid scríbhinní go mór i bhfeidhm ar na léitheoirí, agus meas an laoich acu air.

Chonaic Grossman le súile a chinn féin campaí báis Majdanek agus Treblinka nuair a shealbhaigh na saighdiúirí Sóivéadacha iad. Bhain radharc na n-íobartach scanradh as, agus thosaigh sé ag bailiú sonraí uathu siúd a tháinig slán as na campaí. An tuarascáil a thug sé ar Treblinka, Треблинский ад/Treblinskiy ad ("Ifreann i dTreblinka"), bhí sí á léamh ag breithiúna Bhinse Nürnberg.

 
"An Réalta Dhearg"

An tAchrann leis na hÚdaráis Shóivéadacha cuir in eagar

 
Treblinka, 1945

Bhí Grossman ar dhuine acu siúd a chuir in eagar Leabhar Dubh an Uilelosctha. Doiciméadú a bhí ann a fuair coimisiúnú ó na heagarthóireachtaí Giúdacha, agus é dírithe ar na coireanna frith-Ghiúdacha a rinneadh i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Ní raibh údaráis an Aontais Shóivéadaigh sásta an Leabhar Dubh a chur i gcló, nó bhí an Páirtí Cumannach den tuairim gur chuir an leabhar an iomarca béime ar ról na bpóilíní Úcránacha agus muintir na háite san Uileloscadh.

Roimhe sin, bhí Grossman ina Chumannach dhílis. Ach nuair a rinneadh cinsireacht ar an doiciméadú seo, thosaigh sé ag cailleadh an chreidimh.

Cháin Grossman gnéithe eile den tSóivéadachas freisin, go háirithe comhsheilbhíocht na dtailte feirmeoireachta - an dóigh ar cuireadh d'fhiacha ar na scológa dul sna calchais, agus an gorta mór a shiúil ar mhuintir na tuaithe de dheasca na comhsheilbhíochta.

Ar ndóigh, ní raibh an stát Sóivéadach sásta a chuid scríbhinní iarchogaidh a fhoilsiú, ó bhí an dearcadh seo aige ar an stát. Nuair a d'fhéach sé lena phríomhshaothar, an mórúrscéal úd Жизнь и судьба/Zhizn' i sud'ba ("An Saol is an Chinniúint"), a chur faoi bhráid na bhfoilsitheoirí, chuaigh an KGB ar mire ar fad. Rinne siad ruathar ar a árasán, agus choigistigh siad na lámhscríbhinní go léir. Choigistigh siad, fiú, ribín dúigh an chlóscríobháin, ó bhí sliocht éigin den leabhar le haithint air.

Ina dhiaidh sin, scríobh Grossman litir chuig Nikita Khrushchov, ag impí air saoirse a thabhairt don leabhar. Ba é príomh-idé-eolaí an Pháirtí, Mikhail Suslov a d'fhreagair, agus is éard a dúirt sí nach bhféadfaí an leabhar a chur i gcló sa Rúis ach i gceann na gcéadta bliain. Dhealraigh sé an t-úrscéal, fiú, le buamaí adamhacha na Stát Aontaithe agus an bhagairt a bhí iontu don Aontas Shóivéadach.

Deireadh a Shaoil cuir in eagar

 
KGB

I ndiaidh "An Saol is an Chinniúint", scríobh Grossman úrscéal eile fós sula bhfuair sé bás: Все течет/Vsyo techot ("Tá gach rud ag sní", nó: "Tá gach rud i ngluaiseacht"). Is é is ábhar don leabhar seo ná filleadh an iarphríosúnaigh ó na campaí géibhinn agus na deacrachtaí atá aige é féin a chló leis an tsaoirse arís sa tsochaí Shóivéadach nach n-admhaíonn go bhfuil a leithéid de rud sa tír agus príosúnaigh pholaitiúla éigiontacha.

Tá tuairimí an scríbhneora ar imeachtaí staire an Aontais Shóivéadaigh fite fuaite leis an scéal seo: is é an tuiscint atá aige ar stair a thíre ná gurbh é Léinín féin a chuir tús le campaí an bháis agus leis an ollsmacht, agus nach raibh i Stailín ach dalta dúthrachtach nach ndeachaigh ar strae ó bhunteagasc Léinín ar aon nós. Ar ndóigh, ní fhéadfadh an Páirtí glacadh leis an tuiscint seo, ó bhí sé ag áitiú faoin am seo gur chuir Stailín an bunteagasc sin as a riocht lena chuid ainghníomhartha.

Bhuail ailse ghoile é agus d'éag sé ar an 14 Meán Fómhair 1964. Ní raibh a fhios aige san am, an léifeadh aon duine a chuid scríbhinní choíche.

Oidhreacht cuir in eagar

 
Andrey Sakharov

Tháinig "An Saol is an Chinniúint" i gcló an chéad uair san Eilvéis, nó chuaigh easaontóirí Sóivéadacha eile le chéile leis an leabhar a tharrtháil. Bhí Grossman tar éis dréacht lámhscríbhinne a fhágáil ag Semyon Lipkin, agus thóg an fisiceoir Andrey Sakharov grianghraif den lámhscríbhinn seo.

Ina dhiaidh sin, smuigleáil Vladimir Voynovich na micreascannáin leis as an Aontas Sóivéadach. Rinne beirt easaontóirí Sóivéadacha eile, Efim Etkind agus Shimon Markish, mionscrúdú ar na micreascannáin agus chlóscríobh siad an téacs. Uaireanta, áfach, níor bhain siad an chiall cheart as an micreascannán nach raibh inléite ach ar éigean in áiteanna.

"An Saol is an Chinniúint" cuir in eagar

Úrscéal réadúil cuimsitheach é "An Saol agus an Chinniúint". Ag breacadh síos an mhórshaothair seo dó, níor bhac Grossman leis an gcinsire. Ba dual dó, mar scríbhneoir Sóivéadach, aird a thabhairt ar éilimh na cinsireachta roimh ré, ach nuair a scríobh sé an t-úrscéal seo, scríobh sé mar a tháinig na daoine agus na himeachtaí chuige ar a intinn, beag beann ar dhogma oifigiúil an Chumannachais.

Tá an leabhar ag cur thar maoil le carachtair, agus scéal gach duine acu á insint go bun an angair: cuid acu is é an chinniúint atá i ndán dóibh ná an bás i bpáirc an áir (tá cath Stalingrad i gcroílár an leabhair seo freisin), cuid eile acu tachtfar i seomraí gáis na Naitsithe iad. Ag scríobh síos an scéil seo dó, chleacht Grossman réadúlacht an chanbháis leathain, a d'fhoghlaim sé ó Tolstoy. Stíl a bhí ann a raibh súil ag na léitheoirí Iartharacha léi ó scríbhneoir Rúiseach, agus mar sin, bhí siad breá sásta an leabhar a léamh agus a mholadh nuair a tháinig sí i gcló ina lán teangacha i dtús na n-ochtóidí.

 
Mikhail Gorbachev

Nuair a chuir Mikhail Gorbachev tús le polasaí an ghleasnaist san Aontas Shóivéadach, chuaigh leabhar mór Ghrossman i gcló i dtír dhúchais an scríbhneora féin. Foilsíodh an chéad eagrán ansin sa bhliain 1988, ach ó tháinig codanna den leagan údarásúil chun solais idir an dá linn, tháinig eagrán leasaithe i gcló sa chéad bhliain eile, faoin am chéanna a foilsíodh "Tá Gach Rud ag Sní" san Aontas Shóivéadach an chéad uair riamh.

Glactar leis go forleathan go bhfuil blas láidir den dírbheathaisnéis ar "An Saol agus an Chinniúint". Is é an chiall a bhain Robert Chandler, aistritheoir Béarla an úrscéil, go bhfuil príomhlaoch an leabhair, Viktor Shtrum, bunaithe ar an scríbhneoir féin, nó fágtar máthair Shtrum i mBerdychiv ag fanacht leis na Gearmánaigh agus iad dírithe ar í a mharú chomh maith le Giúdaigh eile na cathrach, agus tugann an leabhar mion-chur síos ar mhothúcháin Shtrum agus é ag crothnú a mháthar uaidh.

Ón taobh eile de, chreid Chandler freisin go raibh gnéithe áirithe de charachtar Viktor Shtrum múnlaithe ar Lev Landau, fisiceoir mór Sóivéadach de phór Ghiúdach ar bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1962.

Léigh freisin cuir in eagar

  • Vasily Grossman, A Writer at War. Anthony Beevor agus Lyuba Vinogradova a chuir in eagar. (Is éard atá sa leabhar seo ná scríbhneoireacht Grossman mar iriseoir cogaidh in aistriúchán Béarla agus tráchtaireacht Beevor ar na himeachtaí is cúlra do na scríbhinní. Staraí clúiteach cogaidh é Beevor.) Vintage Paperbacks a d'fhoilsigh sa bhliain 2007.
  • ГРОССМАН, Василий (GROSSMAN, Vasiliy): Жизнь и судьба. ("Zhizn' i sud'ba." - "An Saol agus an Chinniúint".) Издательство Олимп, Москва 2002 (An teach foilsitheoireachta "Olimp", Moscó, 2002.)
  • GROSSMAN, Vasily: Life and Fate. (Linda Grant a scríobh an brollach, Robert Chandler a d'aistrigh go Béarla.) Vintage Books, Londain 2011.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Staline et le Livre noir, la persécution des Juifs d’URSS" (fr). France Culture. Dáta rochtana: 2020-12-11.
  2. "Ilya Ehrenburg" (as en) (2020-11-28). Wikipedia. 
  3. "Solomon Mikhoels" (as en) (2020-11-13). Wikipedia.