Vicipéid:Ceisteanna Ginearálta

Ceisteanna Coiteanta

Ginearálta -- Léitheoirí -- Cóipeáil -- Dréachtaí -- Eagarthóireacht -- Béasa Phlé -- Riarthóireacht -- Teicneolaíocht -- Fadhbanna -- Go héagsúil -- Leathanach cabhrach


Cad é vicí? cuir in eagar

Is é vicí (i mBéarla, Wiki) ná bailiúchán de leathanaigh idirlín atá nasctha le chéile; is féidir le aon duine gach uile leathanach a féachaint nó a hathrú ag aon am (oideasra chomhoibrithe). Ward Cunningham an té a chéadcheap an choincheap agus na bogearraí. Ba féidir leatsa fhéin an leathanach seo a hathrú le cliceáil ar an nasc "athraigh" sa dhara lipéad thuas; nó, ba féidir leat roinn áirithe a athru le cliceáil ar an nasc "athraigh" ar dheis. Mura bhfuil aon rud agat a scríobh nó a leasaigh, agus má tá intinn agatsa an córas a thástáil, dul go dtí an Vicipéid:Clár dubh! Féach freisin ar Vicipéid:Ceisteanna Eagarthóireachta.

Cad é Vicipéid? cuir in eagar

Is tionscadal é Vicipéid chun saghas nua ciclipéide a chruthú atá forleathan agus saor. Féach ar Vicipéid:Faoi agus ar an alt darbh ainm Vicipéid chun a thuilleadh eolais a fháil.

Cad chuige a dtugtar Vicipéid uirthi? cuir in eagar

Ba é an Vicipéid i mBéarla, nó an Wikipedia, ina réamhtheachtaire don tionscadal ar fad. Is comhcheangal de na focail wikiwiki agus encyclopedia é an t-ainm. Chruthaíodh an leagan Gaelach mar iarracht na focail wikiwiki agus ciclipéid a meascáil.

Cad é cuspóir Vicipéide? cuir in eagar

Is é an aidhm atá ag Vicipéid ná ciclipéid iltheangach a chruthú -- abair é, an chiclipéid is mó riamh den chéad scoth -- agus, ina theannta sin, dul a bheith achmhainn údarásach. Is aidhm uaillmhianach é, agus beidh an iomaí bliain riachtanach chun é a dhéanamh.

Cé leis an Vicipéid? cuir in eagar

Stiúraítear an Vicipéid den máthair-eagraíocht neamhshocrach, an Fondúireacht Wikimedia (Wikimedia Foundation). Chomh maith le Vicipéid, stiúrann an Fondúireacht roinnt tionscadail eile, m.sh. Vicifhoclóir (foclóir mearshuímh), Nupedia agus cinn eile, agus is leis go leor na seolaidh idirlín. Ba é Jimbo Wales a chuir tús le Vicipéid. Roimh ré ba leis a chomhlacht, Bomis na friothálaithe Vicipéide, agus fós is é Bomis a tacaíonn oibriú leanúnach an suímh. An 20 Meitheamh 2003 fógraíodh an Fondúireacht Wikimedia, agus aistraíodh úinéireacht na seolaidh idirlín is an gléasra teicniúil chuige. Úsáidtear fós na bunphrionsabail a d'úsáid an tUas. Wales chun an suíomh agus an comhphobal a stiúradh.

Scaoilaítear na ailt ar an suíomh seo maidir le thearmaí an Ceadúnais Shaor-Dhoiciméid GNU (GNU Free Documentation License); mar sin, is féidir iad a atáirgeadh gan bhac. Féach ar Vicipéid:Cóipchearta agus Vicipéid:Ceisteanna Coiteanta/Léitheoirí chun a thuilleadh eolais a fháil faoi conas is féidir leatsa ábhar Vicipéide a húsáid.

Cé hé atá freagrach do na hailt san Vicipéid? cuir in eagar

Na Vicipéideoirí. Scéim chomhoibrithe is ea seo. Sna teangacha éagsúla, tá ailt scriofa ag na mílte daoine, agus is féidir leatsa bheith san áireamh freisin. Níl aon rud riachtanach duit, ach amháin conas a cuirtear leathanach in eagar is giota eolais ciclipéideach.

Cliceáil ar an nasc "Stáir leathanaigh". Ach má fheiceann tú fabht no botún san eagrán is nua den alt éigin, tá sé spreagtha go mór mór é a réitigh go dána. Seo é ceann de na bunmodhanna léirmheasa a coinnaíonn iontaofacht na ciclipéide.

Mura bhfuil tú cinnte, nó má tá na focail ró-mearbhlacha, luaigh an slíocht ar an leathanach phlé agus scríobh cheist do dhaoine eile. Mar sin tá sé níos éasca earráid agus fabhtanna a dhealú.

Cad é seoladh ríomhphoist an tionscadail? cuir in eagar

As siochair nádúir an-chomhoibrithe an tionscadail seo, níl aon seoladh ríomhphoist oifigiúil ann. Má tá tú ag lorg ar stiúrthoir tionscadail, ba fearr teagmháil a dhéanamh le Jimbo Wales (jwales@bomis.com). Ar chaoi eile, féach an cheist tar éis an ceann seo...

Cá féidir liom an Vicipéid a phlé le daoine eile? cuir in eagar

Tá roinnt líostaí ríomhphoist, agus ina theannta sin an Meiti-Vicipéid. Má tá sé ag teastail uait teagmháil a dhéanamh le húsáideoir áirithe, scríobh teachtaireacht ar a leathanach phlé phéarsánta; is féidir leat liosta leathanaigh phéarsánta a fhéachaint ar an liosta Vicipéideoirí. Tá seoladh ríomhphoist cláraithe ag an iomaí Vicipéideoirí, agus is féidir leat é a húsáid le cliceáil ar an nasc "Cuir ríomhphost chuig an úsáideoir seo", ar an leathanach phearsánta. Chomh maith le sin, ta leathanach phlé ag gach úsáideoir agus gach alt. Mar sin is féidir leat teachtaireachtaí a scríobh chuig úsáideoir, nó trácht ar alt áirithe.

Cad é Nupedia? cuir in eagar

Tionscadal chiclipéide níos foirmiúla as Béarla a raibh Nupedia. Chuir sé an Vicipéid ar bun. Tá sé caillte anois; féach ar an alt seo san Vicipéid as Béarla.

An chóir dom cúntas a chruthú? Nach féidir liom ailt a chur in eagar gan ainm ar bith? cuir in eagar

Go ginéarálta, is chun do thairbhe fhéin é cuntas a chruthú. Tá roinnt sochracha ag Vicipéideoirí -- ceann amháin ná an dea-chlú a baineann le hobair den chéad scoth. Tugtar níos mó aird ar Vicipéideoirí le stáir fhuaimintiúil, go mór maidir le conspóidí. Níl sé an scéal go bhfuil cliarlathas Vicipéide mar a dhéarfá -- cé go bhfuil úsáideoirí ann le cumhachtaí ceannasacha (féach ar Vicipéid:Riarthóirí). Tógann an chomhphobal é féin na cumhachtaí seo amach. Is cuspóir don chuid is mó de na Vicipéideoirí a chinntiú gurb é an daonlathas (ach le píosa ainriail) an cumhacht is tábhachtach ar an Vicipéid. Ina theannta sin, tá níos mó príobháideachas ag na daoine atá logtha ann. Mura raibh tú logtha ann nuair a rinne tú athrú, is féidir le haon duine do sheoladh IP a fhéachaint; ach ní mór don duine bheith riarthóir chun an IP a fháil, má tá tú logtha ann. Folaíonn ainm úsáideora do sheoladh IP.

Ach, má fearr leat fan sa bruach, tá sé go breá athruithe a dhéanamh gan log ann. Tá go leoir úsáideoirí maithe a scríobhann mar sin.

Conas atá a fhios agat go bhfuil an eolas ceart? cuir in eagar

De bhrí gur féidir le aon duine aon alt a chur in eagar, is féidir eolas claonta, as dáta nó neamhcheart a chur isteach, gan dabht. Ach, de bhrí go bhfuil an iomaí daoine eile ag léamh na hailt agus ag déanamh monatóireacht ar athruithe nua le húsáid an leathanach "Athruithe le déanaí", cuirtear eolas neamhcheart i gceart go tapaigh, de ghnáth. Agus a méadaíonn na úsáideoirí, méadaítear cruinneas ginearálta na ciclipéide. Spreagaítear tú fhéin a chabraigh.

Is dócha go bhfuil an suíomh X ag sáraigh na chóipchearta Vicipéide. An bhfuil a fhios agaibh faoi? cuir in eagar

Tá a fhios againn, is dócha, agus baineann sé le dealramh go bhfuil siad dleathach. Is féidir le aon duine ailt a chóipeáil nó úsáid a dhéanamh as an Vicipéid, má leanaítear an GNU Free Documentation License. I mBéarla, tá níos mó ná chéad suíomh atá aitheanta agus a chuirtear i gcatagóir de réir aontaithe.

Cén saghas bogearraí wiki a úsáideann Vicipéid? cuir in eagar

Faoi láthair, tá oideasra "tháilliúra" ag Vicipéid, darbh ainm MediaWiki. Tá MediaWiki le fáil do gach duine faoi ceadúnas GNU eile, an GNU GPL.


Ceisteanna Coiteanta

Ginearálta -- Léitheoirí -- Cóipeáil -- Dréachtaí -- Eagarthóireacht -- Béasa Phlé -- Riarthóireacht -- Teicneolaíocht -- Fadhbanna -- Go héagsúil -- Leathanach cabhrach