Bean Éireannach as Móin Choinn i gContae Chill Chainnigh,[1] ab ea Vicky Phelan (28 Deireadh Fómhair 1974 - 14 Samhain 2022), a bhain clú amach san fheachtas chun cúiteamh a fháil d'íospartaigh Scannal CervicalCheck.

Infotaula de personaVicky Phelan
Beathaisnéis
Breith28 Deireadh Fómhair 1974
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Samhain 2022
48 bliana d'aois
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm13948946 Cuir in eagar ar Wikidata

Tharraing a troid aird ar chearta na n-othar agus ar an leatrom a rinneadh ar mhná ar fud na tíre a fuair torthaí míchruinne ar thástálacha smearaidh don ailse i mbéal na broinne. Thuill sí meas as cuimse as an mbealach a lean sí lena feachtas agus í ag dul i ngleic ag an am céanna leis an ngalar a mharaigh sa deireadh í.[2]

Scannal cuir in eagar

D'eascair conspóid CervicalCheck as cás Ard-Chúirte a thug Phelan in aghaidh saotharlann i Meiriceá a rinne anailís ar a tástáil smeartha in 2011. Ach níor aimsíodh aon mhínormáltacht dá barr.[3] Rinneadh míléamh ar na torthaí sin a thug le fios nach raibh aon chomharthaí ailse uirthi.[4]

Fuarthas amach ina dhiaidh sin go raibh toradh na tástála sin mícheart. In 2014, diagnóisíodh go raibh ailse ceirbheacs ar Phelan.

Le linn 2015-2018, thug sí cás Ard-Chúirte in aghaidh na saotharlainne i Meiriceá a rinne anailís ar a tástáil smeartha in 2011.[5]

Faoi dheireadh, rinne Phelan socrú €2.5 milliún sa chás Ard-Chúirte. Níor ghlac an tsaotharlann le dilteanas sa chás.[3]

Fiosrúchán cuir in eagar

Bunaíodh Fiosrúchán Scally mar gheall ar an dua a chaith sí agus an misneach a léirigh sí ag tarraingt aird ar a scéal féin agus ar scéalta ban eile.[4]

Foilsíodh tuarascáil Fhiosrúchán Scally in 2018 ar ghabh an Stát léithscéal leis na mná dá barr.[3]

Bás cuir in eagar

Bhásaigh Phelan ar 14 mí na Samhna, 2022 in Ospís Áth an Mhuilinn i Luimneach.[6]

Tar éis a báis, dúirt Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, "A bhuíochas lena hiarrachtaí pearsanta uafásacha gan staonadh in ainneoin an ualaigh arbh éigean di a iompar, tá cosaint tugtha agus tabharfar amach anseo, do shaol an iliomad ban."[7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Quann, Jack. “Vicky Phelan tributes - 'We have lost our biggest big sister'” (en). Dáta rochtana: 2022-11-14.
  2. Eoin Ó Catháin (17 Samhain 2022). "Cumhacht Vicky Phelan a spreag na polaiteoirí lena gcumhacht féin a léiriú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-17.
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2022-11-14). "An feachtasóir ailse ceirbheacs Vicky Phelan tar éis bháis" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 "'Drochfheall ar iontaoibh na mban' – glactha ag an Rialtas le moltaí faoi chonspóid CervicalCheck" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-15.
  5. Ryan, Órla (2022-11-14). "Cervical cancer campaigner Vicky Phelan has died" (en). TheJournal.ie.
  6. Vicky Phelan, who exposed Irish smear tests scandal, dies at 48” (en) (2022-11-14). Dáta rochtana: 2022-11-14.
  7. "Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Vicky Phelan".